Cérbh í Meg Russell?
Máire Mhac an tSaoi
An Breac €15.00
Aothar nua ó dhuine de mhórfhilí ár linne. Leabhar neamhchoitianta is ea é seo, a chaitheann solas gléineach na scoláireachta ar shaol agus ar aigne dhúbaltana mionuaisle Gaelacha in aimsir chorraitheach an athrú saoil sa seachtú haois déag.
A new work from one of our famous poets. An unusual book, it shines the bright light of learning on the life and mind set of the Irish aristocracy at the changing times of the 17th century.
Gluaiseacht
Alan Titley
An Gúm €7.50
Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt cogaidh san Afraic agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa.
A powerful and shocking story told in the first person. The story of a youth that begins in a part of Africa under threat of war and ends on the unwelcoming streets of northern Europe. Horror and humanity are found side by side in this tale which goes to the very heart of the problem of immigration today.
An Mám Ó Dheas
Muiris Mossie Ó Scanláin
An Sagart €12.00
Leabhar a insíonn imeachtaí saoil duine ó Bhaile an Lochaigh a ghabh an Mám Ó Dheas in aois a sé déag. Tugann sé radharc soiléir dúinn ar a áit dhúchais agus ar na réimsí eile den domhan toir agus den domhan teas ina bhfuil biaistí caite aige.
A biography of Mossie Ó Scanláin from Baile an Locaigh, a village north of Dingle in County Kerry. Writing about his life in Baile an Lochaigh, in the Irish Naval Service, in England and in Australia as well as about music and song and other aspects of his life.
Salann Garbh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta €12.00
Tugann imeachtaí beaga áitiúla léargas ar cheisteanna móra sóisialta agus moráltachta, mar fhoréigean teaghlaigh, creideamh, dualgas teaghlaigh agus úinéireacht talún, sa chnuasach gearrscéalta seo le Joe Steve Ó Neachtain. Tá blas an dúchais ar an saothar seo agus téann sé i ngleic le gnéithe dorcha, pearsanta an tsaoil go cliste.
Important social and moral questions are expressed and examined through small local events in this collection of short stories from Joe Steve Ó Neachtain, from domestic violence and faith to lineage and land ownership. There is a deep sense of heritage in this work and it explores dark and very personal aspects of life.
Máirtín Ó Direáin: Na Dánta
Eoghan Ó hAnluain Ed.
Cló Iar-Chonnachta €20.00
Foilsíodh an cnuasach nua seo mar chuid de chomóradh 100 bliain ó rugadh Máirtín Ó Direáin. Cuimsíonn an cnuasach, atá in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, na dánta ar fad a bhí sa leabhar Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939–1979 chomh maith le riar mhaith dánta eile nach raibh le feiceáil in aon chnuasach eile roimhe seo.
Inis Mór artist Seán Ó Flaithearta has teamed up with publishers Cló Iar-Chonnacht to produce a new collection of Máirtín Ó Direáin’s poetry to mark the centenary of the Aran poet’s birth. Máirtín Ó Direáin. Na Dánta (edited by Eoghan Ó hAnluain) features the collected poems from the acknowledged master stylist of poetry in Irish in the twentieth century.
Filíocht Ghrá na Gaeilge
Ciarán Mac Murchaidh a chuir in eagar
Cois Life €20.00
Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois.
Spanning over a thousand years of poetry and song in the Irish language, this anthology celebrates the power of love.
Ár i gCor Chomrua
Ré Ó Laighléis
Móinín €14.00
1317 AD. É 1,500 bliain ó aimsir Shobharthan agus an troid a rinne sí in aghaidh an Oilc ar bhruach Loch Reasca. Í básaithe le fada fada, ach a hanam athionchollaithe i gcorp an tseanmhanaigh dhaill, Benignus, a bhfuil sé de bheannacht agus de mhallacht air - ach an oiread le Sobharthan roimhe - bua na físe a bheith aige.
It is 1317 AD, some 1,500 years since the visionary Sobhartan fought her epic battle against Evil on the shores of Loughrask. Though long since dead, her spirit is embodied in the old blind monk, Benignus, who, like her, has been both blessed and cursed with the gift of vision. He is an elder of the community of Cistercians who occupy the monastery at Corcomroe on the Burren’s beautiful, yet unforgiving, foothills.
Litir ó mo Mháthair Altrama agus scéalta eile
Fionntán de Brún
Móinín €8.00
Cnuasach úr dúshlánach ag gearrscéalaí óg Feirsteach a thugann saothrú an genre seo ar aghaidh píosa eile fós. Deich gcinn de ghearrscéalta a bhfuil idir theanga agus cheardaíocht shnasta ghalánta oilte iontu agus ina dtugann an Brúnach aghaidh ar théamaí atá cathrach agus uilíoch.
A challenging collection by a young Belfast writer who pushes out the boundaries of short story writing in the Irish language. In taking on themes that are decidedly connected to his native city, yet remarkably universal, de Brún gives us a work that is defined and exquisite in its crafting.
Peig Sayers
Bo Almqvist Ed. & Pádraig O'Healaí Ed.
New Island €29.99
Rogha scéalta nár foilsiú a riamh roimhe seo, bunaithe ar cartlainne RTÉ, UCD agus BBC, agus aistrithe ag Bo Almqvist agus Pádraig O’Healaí as UCD, saineolaithe ar Peig. Tagann sé le dlúthdhioscaí le taifeadtaí de Peig ag insint na scéalta.
A selection of previously unpublished stories, based on RTÉ, UCD and BBC archives, and translated by UCD’s Bo Almqvist and Pádraig O’Healaí, Ireland’s leading experts on Peig, with CDs with archived recordings of Peig telling these stories.
An Leabhar Mór
Theo Dorgan & Malcolm Maclean
O'Brien Press €40.00
Leabhar álainn é seo le obair ó gach aois idir an 6ú agus an 21ú aois. Is é atá le fáil ann ná an filíocht Gaeilge is luaithe atá ar fáil.
Scotland
and Ireland share a mythology, a rich music tradition, languages and some history. Irish Gaels, known as Scoti, invaded Scotland in the 5th century and gave it their name. An Leabhar Mòr is a major artwork which renews the connection between Gaelic Scotland and Ireland and celebrates the diverse strands of contemporary Celtic culture.
![]()
Iqbal
Dréachtaí Próis is Filíochta
Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge
Coiscéim (crua) €10.00
![]()
Rugadh an file Allama Muhammad Iqbal ar an 9 Samhain 1873 in Sialkot atá anois sa Phacastáin. Cuirfidh na dánta seo ionadh is alltacht ar gach éinne.
Allama Muhammad Iqbal was born on the 9 November 1873 in Sialkot which is now in Pakistan. The poems which are translated into Irish for us by Gabriel Rosenstock, will amaze and astound you.
Criathar Meala
Pádraig Ó Fiannachta agus filí eile
An Sagart (crua) €12.00
Cúis ceiliúrtha go bhfuil cnuasach nua againn ón bhfile iontach seo. Ní hamháin dánta uaidh féin ach tá dánta ó fhilí eile, cuid acu nach bhfuil mórán cáile orthu go fóill. Dánta atá bainteach le saol an lae inniu, cuid acu brónach, cuid acu greannmhar. Leabhar álainn maisithe le léaráidí daite.
We have reason to celebrate a new collection from this wonderful poet. Not only have we Ó Fiannachta’s own poems but there are poems from other poets some of them not yet famous. Poems about life today, some sad, some amusing. A beautiful book enhanced by colourful illustrations.
![]()
Niall Tóibín ag léamh
Gearrscéalta le Seán
Mac Mathúna
Seán Mac Mathúna
Cois Life €18.00
Cúis ceiliúrtha go bhfuil cnuasach nua againn ón bhfile iontach seo. Ní hamháin dánta uaidh féin ach tá dánta ó fhilí eile, cuid acu nach bhfuil mórán cáile orthu go fóill. Dánta atá bainteach le saol an lae inniu, cuid acu brónach, cuid acu greannmhar. Leabhar álainn maisithe le léaráidí daite.
In this superb presentation of Seán Mac Mathúna’s short stories, Niall Tóibín brings a master’s touch to the characters and voices in stories as diverse as Leaca an Tí Mhóir and Ding. This is a rare production, indeed, and Tóibín is brilliant in his delivery of the stories to CD, embodying the humour, humanity, and dark devilment of classic storytelling.
Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta
Diarmuid de Faoite a roghnaigh
Cló Iar-Chonnachta €18.00
![]()
Scéal agus fiche le SeanPhádraic, cuid acu as cló le fada, mar aon le réamhrá ó Dhiarmuid de Faoite.
Twentyone stories by SeanPhádraic, with an introduction by Diarmuid de Faoite.
![]()
An Damer
Stair Amharclainn
Mairéad Ní Chinnéide
Gael Linn
![]()
Tá leabhar tagartha den scoth curtha ar fáil dúinn ag Mairéad Ní Chinnéide a scríobh an leabhar cuimsitheach seo.
Máiréad Ní Chinnéide has provided an excellent reference book for all who are interested in the early days of Irish Language Theatre.
Gaeil i dTír na nGauchos
Micheál de Barra
Coiscéim (bog) €12.50
Scéal na nGael san Airgintín á insint go simplí, scéal na n-imirceach eacnamaíochta a thug aghaidh ar an Airgintín sa naoú céad déag agus a chruinnigh “na múrtha airgid taobh istigh de bhliain nó dhó” de bharr obair chrua.
The story of the Irish in Argentina, a story of economic immigrants who headed for Argentina in the nineteenth century and amassed huge fortunes in a short time through hard work.
![]()
An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac €19.50
Is é Tadhg Ó Duáin, cléireach agus máistir airm i reisimint an Chornail Ó Fhlatharta a chuireann síos san úrscéal staire seo ar theitheadh fir na reisiminte sin sa bhliain 1650 roimh fhórsaí Chromuel. Insítear an scéal i bprós snoite snasta agus léiríonn an t-údar mioneolas ar an stair gan ligean dó cur isteach ar an scéal. Bhuaigh an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin don leabhar Gaeilge is fearr do dhaoine fásta i mbliana.
Tadhg Ó Duáin, clerk and master of arms in Colonel O Flatharta’s regiment, describes in this historical novel the flight of the men of that regiment in 1650 from Cromwell’s army. The story is told in finely honed prose and the author doesn’t allow his detailed knowledge of the period interfere with the story. This beautifully produced book won the award for best book of the year for adults in Irish.
Ar Muir is ar Sliabh
Dermot Somers
Cois Life €12.00
Sraith nua teilifíse an dúshlán
léirithe agus eachtraíochta
faoin aer atá roimh Bhrian
agus Lise (ní dhéanann sé seo
mórán céille). Fiche-aoisigh,
agus iad aclaí, dathúil. Eatarthu
beirt, na tréithe agus na buanna
atá acu chun dul i ngleic le guaisbhearta na
heachtraíochta agus lucht féachana teilifíse a mhealladh.
Tá Brian ar a chompord ar tír, san aer. Féith na mara is
treise i Lise. Cuireann an tsraith faoi bhrú iad, gach duine
faoi shrian a chumais féin.
Brian and Lise are the presenters of a new television
adventure series in the making. Twenty-somethings, athletic,
good-looking, they have all the combined talents to engage
in the rigorous challenges of the outdoors and present them
to a television audience.
Brian is at home in the air and on land, while Lise is a
water-woman. The series presents challenges to both in
their boundaried adventures. Marcas, the director is the
manipulator, seemingly calling the shots.
Both up-close and panoramic, Ar Muir is ar Sliabh is both a
dialogue with the landscape and seascape of Ireland, and
the growth of trust, perhaps even of intimacy, between two
characters. But they are also pursued, even stalked, by the
indoor ghosts of their past.
In a deeply-moving final scene, in an underwater cave off
the coast of Clare, they have to come to terms, urgently, with
their own fault-lines for survival.
Con Trick An Bhalla Bháin
Colm Breathnach
Cló Iar-Chonnachta €12.00
Tá bealach neamhghnách ag Colm Breathnach chun an scéal seo a chur i láthair. Tá údar sa scéal agus is cuid den scéal an léitheoir. Is iomaí cor a chuireann an scéal de. Tá go leor ann nach mbeadh an léitheoir ag súil leis. An bhfuil míniú nó ciall leis? Caithfear an leabhar a léamh chun freagra na ceiste sin a fháil.
Colm Breathnach adopts a very unusual approach with the presentation of this story. The “author” and the reader are part of the story. There is a lot of events in the story which the reader may not anticipate. Is there sense or meaning to it? Read the book and find the answer for yourself.
![]()
Mná Dána Dornán Drámaí
Celia De Fréine
Arlen House €20.00
D ornán drámaí den scoth ón bhfile, drámadóir agus scriptscríbhneoir cáiliúil Celia de Fréine.
A selection of plays from the pen of the famous poet,
dramatist and scriptwriter, Celia de Fréine.
![]()
Padaí Láidir Mac Culadh agus Gaeltacht Thír Eoghain
Pádraig Ó Baoighill
Coiscéim (bog) €16.47
Leabhar cuimsitheach le heolas faoi saol mhuintir Thír Eoghain a raibh an teanga Ghaeilge acu. Leabhar a bheadh iontach suimiúil d’éinne a bhfuil baint acu leis an gceantar seo.
A comprehensive book containing information about the people of Tyrone who spoke the Irish language. A very interesting book for anyone connected to this district.
![]()
Diccionario Irlandés-Espaňol
Foclóir Gaeilge-Spáinnise
(An Irish-Spanish Dictionary)
David Barnwell, Pádraig Ó Domhnalláin agus Carmen Rodríguez Alonso
Coiscéim (bog) €15.00
Ní gá dul i muinín an Bhéarla chun an Spáinnis a fhoghlaim a thuilleadh. Is iontach an áis é an foclóir seo agus beidh fáilte roimhe ag múinteoirí agus micléinn araon.
Now it is possible to learn Spanish without having to resort to English. This dictionary will be welcomed by teachers and students alike.
Aguisíní
Seán Ó Tuama
Coiscéim agus Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh €15.00
![]()
Meascán ábhair le Seán Ó Tuama é seo, cuid nár cuireadh i gcló riamh agus cuid nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. Brollach le Louis de Paor.
Varied material from Seán Ó Tuama, some which has not appeared in print before and some which has not previously appeared in book-form. Foreword by Louis de Paor.
Ar an gCoigríoch
Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin a roghnaigh
Cló Iar-Chonnachta €25.00
Díolaim ilghnéitheach a léiríonn mórshaibhreas litríocht na Gaeilge mar shainfhoinse eolais ar scéal na himirce ó aimsir an Ghorta i leith.
A heterogeneous compendium which illustrates the potential of Irish literature as a rich source of information on emigration from the Great Famine to the present day.
Perspectives
Rebecca Pelan, ed, Éilis Ní Dhuibhne
Arlen House €25.00
Is éard atá sa leabhar seo ná
bailiúchán de d’aistí critice
ar ghnéithe éagsúla de
scríbhneoireacht Éilís Ní Dhuibhne.
This book is a collection of critical essays about various
aspects of Éilís Ní Dhuibhne’s writing.
Manuail De Litríocht
Na Gaeilge (V)
Breandán Ó Doibhlin
Coiscéim €7.50
Seo an cúigiú fascúl den
Mhanuail de Litríocht na
Gaeilge atá beartaithe ina
sé chuid mar léiriú ar litríocht
dúchais na tíre sa ré nuaaimseartha
ó dheireadh na Meánaoise
i leith (1500-1850), agus roimh an Athbheochan.
Is é is ábhar don bhfascúl seo ná cur i láthair a dhéanamh
ar litríocht na tréimhse traigéidí úd san ochtú haois déag
nuair a baineadh a gcearta daonna de na hÉireannaigh
ina dtír féin, tréimhse ar thug Niall Ó Dónaill an ‘dubhaois’
uirthi. D’ainneoin sin, bhí rath ar scríbhneoireacht na
Gaeilge lena linn agus lucht a saothraithe ag cur friotail ar
a ndiomú agus ar a ndóchas, agus a muinín as Dia agus as
an todhchaí.
This is the fifth fascicule of Mhanuail de Litríocht na Gaeilge
that’s intended in six parts to illustrate Ireland’s native
literature in the period between the end of the middle ages
(1500 - 1850) until just before the Irish Revival. The subject
of this fascicule is to present the tragic period during the
eighteenth century when the rights of the people of Ireland
were taken away from them in their own country, a period,
Niall Ó Dónaill called the dark age. Despite that writers of
the Irish language were successful in writing about their
unhappiness, about their confidence and their trust in God
and in the future.
Nollaig 2009
Íoslódáil an bróisiúir:
Leabhair don Nollaig 2009
(PDF 1.7MB)
Is feachtas bolscaireachta é Leabhar Power atá á eagrú ag Foilsiú Éireann agus a fhaigheann tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ó ÁIS agus ón gComhairle Ealaíon.
An Bradán Feasa
An Bradán Feasa
Darach Ó Scolaí, An Breac €7.50
Athinsint do Ghaeil óga atá anseo, leis an údar agus ealaíontóir, Darach Ó Scolaí, ar cheann de sheanscéalta móra na nGael.One of the great Irish legends retold for young Irish speakers by the artist Darach Ó Scolaí.
Gruaig Fhinn
Tadhg Mac Dhonnagáin / Kieron Black a mhaisigh
An Gúm €7.00
Bhí cáil ar Fhionn Mac Cumhaill riamh mar gheall ar a fholt breá órga ach sa scéal seo insítear mar a tháinig dath liath ar a chuid gruaige. Mar is dual do na scéalta Fiannaíochta agus don insint nua bhríomhar atá déanta ag Tadhg Mac Dhonnagáin orthu sa tsraith seo, tá idir eachtraíocht, draíocht agus daonnacht i gceartlár gach aon cheann acu.Fionn Mac Cumhaill had always been known for his flowing golden locks but this story tells how his hair turned grey. Another classic tale from the Fenian cycle retold with wit and illustrated to the same high standards as the other books in the series.
Cá bhfuil tú a Phádraig?
Lára Nic Oireachtaigh
An Gúm €15.00
Scéal tráthúil faoi Theamhair, faoin mótarbhealach nua agus faoi mar a thugann Naomh Pádraig cuairt ar Aoife agus ar an lucht agóide agus réiteach á mholadh aige mar a rinne an tráth a raibh sé thart cheana.A topical story, beautifully laid out and designed, about Aoife and her friends who are protesting about the building of the M3 motorway near Tara. They are surprised to receive a visit from an unlikely guest, St. Patrick, who suggests that the problem may be resolved in a very traditional way.
An Gréasaí Bróg agus na Sióga
Caitríona Hastings & Andrew Whitson
An tSnáthaid Mhór €17.95
Faigheann greasaí bochtaithe roinnt cúnamh ó dhá síoga san leagann nua álainn seo den scéal Grimm. An impoverished shoemaker recieves some assistance from two elves in this beautifully Illustrated edition of the Grimm fairytale.
Murcha sa bPoll Báite
Micheál Ó Conghaile a d’aistrigh
Cló Iar-Chonnachta € 7.50
Is breá le Murcha an Siorc Mór Ban a bheith ag déanamh folach bíog lena chara Síle Súmaire. Ach nuair nach dtugann an bheirt aird ar fhainic a mháthar agus nuair a thugann siad a gcuid spraoi thar an mBruach agus síos sa bPoll Báite, níl a fhios acu an ag snámh ar an domhain nó ag rith ar an tanaí atá siad.Murcha Mór is back! In this charming sequel to Murcha Mór, Murcha learns to face his fears. Accompanied by Síle Súmaire, Murcha disobeys his mum, heading off into The Deep and boasting that “Great white sharks aren’t afraid of anything!” However, that isn’t quite true! Murcha encounters all sorts of scary things, from ghost whales to dark caves full of mysterious creatures, and finds himself in plenty of trouble.
Cá Bhfuil Ruairí?
Colmán Ó Raghallaigh agus Anne Marie Carroll
Cló Mhaigh-Eo €8.00
Tá Ruairí ar iarraidh agus téann a chairde á chuartú. Ní fada ansin go mbíonn scata mór daoine sa tóir air.After Ruairí goes missing his friends are joined by a large search party but things are not quite as they seem...
Plúra Lúra agus na Bopóga
Mary Ryan agus Corrina Askin
Cois Céim €9.95
Leabhar lán le amhráin agus fíocht do pháistí óga. Oiriúnach do pháistí Rang 1-2. Tagann sé le CD ar a bhfuil ceol na h-amhráin ar fáil.This lovely little book is packed full of poems and songs for the younger age group, also suitable for schools – first and second class. A CD is included with the music for the songs.
Gairdín an Nádúir
Martyn Cox (aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin)
Futa Fata €10.95
Tugann Gairdín an Nádúir ar aistear draíochtúil tú, díreach taobh amuigh den doras cúil! Cuir eolas agus aithne ar na neacha áille beo atá ina gcónaí i do thimpeall. Faigh amach conas gairdín a leagan amach a mbeidh éin, féileacáin agus ainmhithe go leor eile ag iarraidh cuairt a thabhairt air.Gairdín an Nádúir takes you on an exciting safari outside your own back door! Discover the wonderful wildlife that lives all around you. Learn how to create a garden that birds and animals of all shapes and sizes will want to visit.
Cén t-am é?
Siobhain Grogan, Léaráidí le Olivia Golden
Cois Life (crua) €9.00
Cén t-am é? Leanann an leabhar seo Saoirse i rith an lae, ó mhaidin go hoíche, ó am bricfeasta go dtí am dul a chodladh. Is féidir leat í a leanúint ag baint úsáide as na flapaí - is an t-am ceart le haghaidh gach eachtra lae a aimsiú ar an gclog.What time is it? In this book we follow Saoirse throughout the day from breakfast time to bedtime. You just lift the flaps and a clock reveals the right time for each of the day’s little adventures.
Meig agus Cóilín
Frieda Van Raevels
Futa Fata €9.95
Tá Meig brónach. Inniu lá breithe a cara speisialta, Cóilín - ach níl aon bhronntanas aici dó. An éireoidh léi rud éigin a fháil dó in am?Meig is upset. Her best friend Cóilín’s birthday has arrived and she has no present for him. Will she find a suitable gift in time?
Na Clocha Síneacha
Karen Tazi
Móinín €10.00
Nuair a bhuaileann Niuniu amach chun turas a thabhairt fána tír dhúchais féin, An tSín, in éindí lena Daideo, nochtar fírinne di a chuireann alltacht ar a croí, alltacht ar a hintinn, alltacht ar a hanam. Léiríonn an seanfhear saibhreas agus iontais an dúlra dá ghariníon.Niuniu’s eyes and heart and soul are opened in amazement and horror when her grandfather takes her on a trip within their wonderful native land of China. The old man introduces his granddaughter to the exquisite wonders and beauty of Nature. But he also reveals to her the destruction and carnage that is being played out on this planet.
Scuab Fiacal Danny
Brianóg Brady Dawson
O'Brien Press €5.95
Is fuath le Danny de Brún a chuid fiacla a ghlanadh. Cad a dhéanfaidh Danny, mar sin, nuair a thugann Mamó scuab fiacal nua bhuí dó?Danny has some very original ideas about disposing of his bright, new, HATED toothbrush!
Tom Crean – Fear san Oighear
Eachtraí Éireannaigh san Antartach
Michael Smith
The Collins Press €7.99
Ba dhuine as an ghnáth é Tom Crean. Cuireann scéal spreagúil a chuid imeachtaí san Antartach an léitheoir ar bior, go háirithe an bealach inar tháinig slán san angar éachtach. Shábhálfadh a chomrádaithe óna mbá i bhfarraigí fuara is dhéanfadh roinnt eile a tharrtháil sa sneachta oighreata. É seo le linn dó a chuid ceannairí a leanúint, an dá thaistealaí iomráiteacha chun an Mhoil, an Captaen Scott agus Ernest Shackelton. Arna chumadh ag an té a scríobh beathaisnéis Crean, an saothar mór-ráchairt An Unsung Hero. Fágfar an lucht léite óg faoi dhraíocht ag an chrógacht, ag an neart agus ag an diongbháilteacht atá le brath san insint seo.
Balor
Caitríona Hastings: Andrew Whitson a rinne na Léaráidí
An tSnáthaid Mhór €8.50
![]()
“Dream santach, cíocrach, gránna, a shantaigh talamh na hÉireann agus a thosaigh ag gearradh tromchánach ar na daoine”, Cérbh iad agus cá bhfuil siad anois? Scéal faoi na laethanta a bhí, scéalta iad a tháinig anuas chugainn as ár n-oidhreacht féin. Ní leor focail chun an leabhar seo a mholadh, obair osnádúrtha idir scéal is pictiúirí.
Was this book written and illustrated by human hands or did it come about by magic? What do you think?
Peigín Leitir Móir
Tadhg Mac Dhonnagáin agus John Ryan
Futa Fata €19.95
Peigín Leitir Móir le Tadhg Mac Dhonnagáin foilsithe ag Futa Fata. Is bailiúcháin amhráin agus rannta traidisiúnta Gaeilge atá cóirithe do pháistí na linne seo í.
Peigín Leitir Móir a collection of Irish songs and rhymes that will remind most of us of our schooldays, written by Tadhg Mac Dhonnagáin and published by Futa Fata.
Eachtraí Uchtaigh
Scéalta do Dhaoine Óga
Esther Gõbl Uí Nualláin, Léaráidí le Emily Colenso
Móinín (bog) € 8.00
Scéalta faoi na heachtraí is coitianta i saol na bpáistí óga ach mar a thuigeann gach tuismitheoir caithfear súil a choimeád ar na páistí i gcónaí!
Stories about the most common events in the lives of every young child but as every parent knows, you need to be ever vigilant.
Nóinín agus Róllaí Póllaí
Eibhlís Ní Dhonnchadha, Dómhnal Ó Bric a mháisigh
An Gúm (crua) €7.82
Scéilín beag deas ar féidir leat é a léamh nó a bheith ag éisteacht leis ar an CD a ghabhann leis. Téann Róllaí Póllaí ar strae agus caitheann Nóinín dul á lorg. Cuireann sí ceist ar a lán carachtar – ina measc féileacán áiféiseach. Amhráin dheasa á gcanadh ar an CD.
A lovely little story you can read or listen to on the accompanying CD. Róllaí Póllaí gets lost and Nóinin sets out to find him. She questions a lot of caracters – including a ridiculous butterfly. The CD has delightful songs and music.
Béiríní ag Troid
Svetlana Petrovic, Léaráidí: Vincent Hardy
Leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin
Futa Fata (crua) €9.95
Níl iontu ach beiríní beaga agus níl siad mór le chéile. Bíonn troid eatarthu an t-am ar fad. An mbeidh sos cogaidh sa seomra spraoi riamh?
Two little bears who cannot bear each other. They fight incessantly. Will there ever be a truce in the playroom?
Luch sa Rang
Máire Ní Ghallchobhair
Leabhar Breac
€7.50
Scéal faoi Lúsaí. Imríonn
sí cleas ar an múinteoir.
Ach tá an múinteoir in
ann cleas a imirt freisin.
A story about Lúsaí, she plays a trick on the teacher.
But the teacher can play tricks too.
Neilín agus an Cat
Fatima Sharafeddine, Irish version by
Tadhg Mac Dhonnagáin
Futa Fata
€9.95
Nuair a tháinig cat mór buí
chun aire a thabhairt do
Neilín an babaí eilifint,
bhí Daidí eilifint an-sásta. Ach
ansin, thosaigh Neilín ag
foghlaim cleasa aisteacha
ón gcat. Bhí sí á ní féin lena
teanga. Bhí sí ag dreapadh
sna crainn. Bhí Daidí agus Mamaí eilifint
náirithe! Dúirt siad leis an gcat imeacht. Anois tá
Neilín an-bhrónach. An dtiocfaidh a cara an cat ar ais go
deo? Agus má thagann, an mbeidh cead ag Neilín spraoi
léi?
When a cat offered to look after Neilín the baby elephant, her parents were relieved as they went back to work. But when Neilín began learning new tricks from the cat, like washing herself with her tongue and climbing trees, Mom and Dad were aghast. Now the cat has been sent away and Neilín is sad. Will she ever see her friend the cat again? And if she does, what can happen to persuade Mom and Dad to let Neilín play with the cat?
Seo é mo Chreideamh
Laura Buller - Tadhg Mac Donnagáin leagan Gaeilge
Futa Fata (crua) € 14.50
Eolas do pháistí faoi chreidimh phaístí ar fud an domhain. Pictiúirí agus léaráidí iontacha á mhaisiú.
Lots of information about the different religions for children all over the world. Adorned with beautiful pictures and illustration.
Fear na Féile Vailintín
agus scéalta eile
Prionsias Mac a’ Bhaird
Breacadh
€6.00
Cúig ghearrscéal atá sa
chnuasach seo. Tugann said radharc dúinn ar shaol an duine agus ar shaol
an deoraí. Maith nó olc, is pictiúr
dínn féin a chuirtear os ár gcomhair.
This book is a collection of five short stories. They give us an a look into the lives of people and the lives of their tears. For better or for worse, it’s ourselves that this book reflects.
Brionglóidí agus Aistir Eile
Áine Ní Ghlinn: Carol Betera a rinne na Léaráidí
Cló Mhaigh Eo €8.50
Dánta beaga iontacha do pháistí le fáil sa leabhar seo, léitheoireacht thaitneamhach d’éinne a bhíonn ag tabhairt aire do pháistí. Cén fáth go bhfuil stocaí aonaracha ann? An bhfuil fadhb agat le goiríní? Dánta dána agus dánta deasa do gach éinne.
Short poems full of fun and mischief guaranteed to bring a smile even to a breakfast plate.
Tá Eagla ar Bhéar
Karma Wilson / Jane Chapman a mhaisigh /Eithne Ní Ghallchobhair a d’aistrigh
Cló Mhaigh Eo €9.00
Ní deas an rud é a bheith caillte, ach tá cairde ag an Béar Mór. Pictiúirí áille agus scéal deas.
It's no fun being lost, but Big Bear has friends. Beautiful pictures and a nice story.
An Caitín a d’ith an
Píotsa
Paraic Breathnach & Olivia Golden
Cló Mhaigh Eo
€8.00
A gus an caitín ar a Honda beag dearg chun píotsa a
thabhairt chuig Baba Mhór tosaíonn ocras ag teacht air féin…
How the little cat fares in his new pizza delivery job will prove a real treat for younger readers!
Roberto agus Draoi na gCat
Caitríona Ní Mhurchú
Cló Mhaigh Eo (bog) €8.00
Cait a bhfuil léamh agus caint acu agus gnó práinneach le déanamh. Cad a bhíonn ar siúl sna lánaí cúil acu agus cén toradh a bheidh leis? Scéal do pháistí óga.
Cats with a purpose, cats that can read and speak. What are they up to in the back lanes and what will be the result? A story for young children.

Scéal na mBó agus scéalta eile
Caitríona Ní Chonoala
Breacadh €6.00
An Coinín Cliste agus scéalta eile
Padraig Mac Suibhne
Breacadh €2.00
Ned Faoi Bhinn agus scéalta eile
Padraig Mac Suibhne
Breacadh €2.00
An Mhallacht
Padraig Mac Suibhne
Breacadh €2.00
Tá réimse leathan de chnuasaigh scéalaíochta, ar leibhéil éagsúla cumais, ar fáil ó Bhreacadh. Tá idir scéalta grinn agus scéalta dáiríre le fáil sna chnuasaigh seo.
A wide variety of story collections for all language levels are
available from Breacadh. Both humorous and serious stories
are to be found in these collections.

Breathnaigí Sa Stabla
Fearghas Mac Lochlainn a d’aistrigh
Lorlum €2.49
Siúlann Íosa Ar An Uisce
Fearghas Mac Lochlainn a d’aistrigh
Lorlum €2.49
Lob Ar A Thriail
Fearghas Mac Lochlainn a d’aistrigh
Lorlum €2.49
Sonas na Nollag
Fearghas Mac Lochlainn a d’aistrigh
Lorlum €2.49
C uirtear beocht i scéalta cáiliúla ón mBíobla sna leabhair dheasa seo ón gcomhlacht Lorlum. Tá na
scéalta scríofa i véarsaíocht álainn a mheallfaidh idir óg agus aosta, agus tá léaráidí galanta lándaite ag dul leo a fhanfaidh i do chuimhne gcuimhne go ceann i bhfad!
Beautiful rhyming verse combines with engaging, fullcolour
illustrations to bring popular Bible stories to life in an
inspiring and memorable way.
![]()
Deirdre agus Mic Uisnigh
Colmán Ó Raghallaigh
Cló Mhaigh Eo €11.00
![]()
Leagan nua-aimsearthach den sean scéal ar laochra na hÉireann. Léaráidí iontacha a chuireann beocht sa scéal.
This is a modern mode of telling an old story. Wonderful illustrations add to the atmosphere of the story which is in cartoon form.
Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir
Siobhán Parkinson
Cois Life €10.00
Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson dírithe ar dhéagóirí. Leanann an leabhar seo saol an déagóra Amy agus déantar cur síos ann ar na heachtraí éagsúla a thiteann amach ó lá go lá.
Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir by Siobhán Parkinson is aimed at teenagers and it follows Amy, a teenager herself through her day to day dramas.
Gluaiseacht
Alan Titley
An Gúm €7.50
Scéal do dhéagóirí faoi óganach Afracach. Lá amháin téann sé go dtí an tobar chun uisce a fháil agus nuair a thagann sé abhaile bíonn na madraí marbh agus gach éinne imithe. Tosaíonn an ghluaiseacht ansin, turas tríd an bhfásach, turas thar farraige, turas fada chun na hEorpa. Tarlaíonn eachtraí a chuirfeadh eagla ar an bhfear is cróga.
A story for teenagers about a young African. One day he goes to the well for water and when he returns home the dogs are dead and everyone has vanished. The movement starts, a journey through the desert, a journey across the sea, a long journey to Europe. What happens on these journeys would frighten the bravest of men.
Download the brochure:
Books for Christmas 2009
(PDF 1.7MB)