fiction

Bí i nGrá
Manchán Magan
Coiscéim €10.00
BiinGraSeo an chéad úrscéal ón bhfear siúlach scéalach seo. Más maith leat aithne a chur ar meoin an duine óig, seo an leabhar duit. Tá daoine thall is abhus ag tnúth go mór le leabhar eile ón scríbhneoir cumasach seo. Ní bheidh díomá orthu.
This first novel from Manchán Magan gives us a brilliant insight into how young people think. People near and far look forward to Manchán’s latest writing. This book will not disappoint them.

An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac €19.50
An CléireachIs é Tadhg Ó Duáin, cléireach agus máistir airm i reisimint an Chornail Ó Fhlatharta a chuireann síos san úrscéal staire seo ar theitheadh fir na reisiminte sin sa bhliain 1650 roimh fhórsaí Chromuel. Insítear an scéal i bprós snoite snasta agus léiríonn an t-údar mioneolas ar an stair gan ligean dó cur isteach ar an scéal. Bhuaigh an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin don leabhar Gaeilge is fearr do dhaoine fásta i mbliana.
Tadhg Ó Duáin, clerk and master of arms in Colonel O Flatharta’s regiment, describes in this historical novel the flight of the men of that regiment in 1650 from Cromwell’s army. The story is told in finely honed prose and the author doesn’t allow his detailed knowledge of the period interfere with the story. This beautifully produced book won the award for best book of the year for adults in Irish.

Dún an AirgiDún an Airgidd
Éilís Ní Dhuibhne
Cois Life €16.00
Is aoibhinn an áit é Dún an Airgid – baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann.
Ach lá amháin téann an leabharlannaí Laoise Ní Bhroin ar iarraidh. Agus é scríofa i nGaeilge shimplí sho-léite coinneoidh an scéal bleachtaireachta seo suim an léitheora go dtí an leathanach deiridh.

Dún an Airgid is a pleasant spot – a perfect new town with nice residents. But one day the librarian, Laoise Ní Bhroin, disappears. Written in simple easy-to-read Irish this detective story will keep the reader’s interest until the last page.

Lucinda Sly
Maidhc Dainín Ó Sé
Coiscéim €7.50
Lucinda Sly Fuarthas Lucinda Sly ciontach as a fear céile a dhúnmharú. Crochadh í i gCeatharlach
sa bhliain 1835. Tugann an t-údar léargas tuisceanach ar mheon na mná aigeanta seo a
bhí faoi chois ní amháin ag fear brúidiúil ach ag sochaí a linne.

Lucinda Sly was found guilty of murdering her husband. She was hung in Carlow in the year 1835. The author enters into the mind of this spirited woman who was oppressed not only by her husband but also by social conventions.

Cogadh Dearg
Séamas Ó Neachtain
Coiscéim €7.50
Cogadh Dearg Stair eipiceach a ríomhtar san úrscéal seo ó chogadh cathartha Mheiriceá go hÉirí Amach 1916. Seán Ó Ceallaigh a d’imigh go Meiriceá aimsir an Ghorta Mhóir a insíonn an scéal i bhfoirm dialainne.
An epic story of war from the American civil war to the 1916 Rising in Ireland. Seán Ó Ceallaigh who emigrated to America at the time of the Great Famine tells the story in his diary.

Odaisé Ghael-Mheiriceanach
Ciarán Ó Coigligh
Coiscéim €7.50
Odaisé Ghael-Mheiriceanach Tosaíonn an scéal seo sa bhliain 1903 le díbirt mná óige neamhphósta ó Inis Meáin toisc í bheith ag iompar clainne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin filleann mac gharmhic na mná sin ar an oileán. Cuntas atá san úrscéal seo ar shaol trí ghlúin d’imircigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
The story begin in 1903 with the banishment of a young pregnant unmarried woman from Inis Meáin. Over a hundred years later her greatgrandson returns to the island. The novel tells the story of three generations of Irish emigrants in America.

1260AD
Alec Bán Mac Conaill
Coiscéim €7.50
1260AD Bliain chinniúnach i stair na hÉireann ab ea AD 1260 agus tarlaíonn eachtraí an úrscéil staire seo sa bhliain sin. Éiríonn thar barr leis an údar beocht a chur i bpearsana staire agus léiríonn sé tuiscint ghéar ar an tréimhse ina mhair siad.
The events in this historical novel take place in the year AD1260, a fateful year in Irish history. The author succeeds in bringing to life historical persons and shows a discerning understanding of the period.

Seilbh na Coróine
Alec Bán Mac Conaill
Coiscéim €7.50
Is Gearr Tosaíonn an t-úrscéal staire seo i bhFómhar na bliana 1607 le theacht Aoidh Mhóir Uí Néill agus a lucht leanúna go dtí An Louváin i bhFlondras. Trí shúile an Bhráthar Phroinsiasaigh, Aodh Mhic Aingil, a fheictear saol na ndeoraithe Gaelacha sa chathair sin agus críochnaíonn an cuntas ag tús an Earraigh lena n-imeacht chun na Róimhe.
This historical novel commences in the autumn of 1607 with the arrival of Hugh Ó Néill and his followers in Louvain in Flanders. Their life in the city is seen through the eyes of the Franciscan Brother, Aodh Mac Aingil, and the account ends with their departure in Spring to Rome.

Ó Bhreith go Bainis
Seán Ó Riain
Coiscéim €7.50
Ó Bhreith go Bainis Léargas úr macánta ar shaol an Lucht Siúil atá san úrscéal seo, saol a bhfuil cur amach
nach beag ag an údar air. Agus scéal cleamhnais agus grá á insint aige cuireann an t-údar síos ar na hathruithe atá tagtha ar an saol sin le glúin anuas agus na dúshláin a
thugann siad leo.

This novel gives an honest fresh insight into the world of the Travellers, a world with which the author is well acquainted. In telling the story of a relationship between Travellers he describes the changes in that world and the challenges facing the present generation.

An Saol i Sladbhaile
Mícheál Ó Ruairc
Coiscéim €7.50
Cailleacha Underbury Cuireann Firín Chabáiste Mac Murchadh síos ar shaol a mhuintire i Medjugorje Mansions i gceartlár Bhaile Átha Cliath ón lá a rugadh é faoi chabáiste sa chúlghairdín go bás a athar. Bainfidh an insint áibhéalach scigiúil san úrscéal seo gáire as léitheoir ar bith dá dhúire é.
Firín Cabáiste Mac Murchadh’s humorous account of life in Medjugorje Mansions in the heart of Dublin, from the day of his birth under a cabbage in the back garden to the death of his father. Firín’s mocking and extravagant style cannot fail to make even the most serious reader laugh.

Seachrán na Mic Uí gCorra
Pádraig Ó Gallchóir
Coiscéim €7.50
Seachrán na Mic Uí gCorra Filleann athair agus mac ar a mbaile beag i dTír Chonaill le haghaidh tórraimh. Ar an bhealach agus sna laethanta ina dhiaidh sin foghlaimíonn an mac a lán faoina athair
agus faoin saol crua a bhí aige féin agus ag Conallaigh eile in Albain.

A father and son return to their home town in Donegal for a funeral. On the journey and on the days that follow the son learns a lot about his father and about the hard life he and other Donegal workers had in Scotland.

Nead Préacháin
Diarmuid Ó Gráinne
Coiscéim €7.50
Ár i gCor Chomrua Baile Átha Cliath sna 1970idí agus fear óg as Conamara sa chathair sin agus é i gcruachás. Ar chóir dó an bhean atá ag iompar a linbh a phósadh nó dul leis an mbean a bhfuil grá aige dí?
Dublin in the seventies and a young Conamara man in trouble. Should he marry the woman who is carrying his child or go off with the woman he loves?

Seán Ruiséal agus An Guth Istoíche
Seán O’ Connor
Coiscéim €7.50
Seán Ruiséal agus An Guth Istoíche Is é seo an dara húrscéal ón údar faoin Chigire-Bhleachtaire Seán Ruiséal. Uair amháin eile beidh ar an Ruiséalach dul isteach in aigne mná agus iomlán a thaithí póilínteachta a chur i bhfeidhm chun an dúmharfóir a aimsiú.
This is the author’s second novel about Detective Inspector Seán Ruiséal. Once again the detective will have to probe the workings of the female mind and make use of all his police experience to find the murderer.

Therese Desqueyroux
Francois Mauriac
Coiscéim €7.50
Therese Desqueyroux Sagart i ndeoise Ard Mhacha agus iar-ollamh le Gaeilge agus Fraincis a d’aistrigh an t-úrscéal seo, a chuir scannal ar Chaitlicigh choimeádacha a linne nuair a foilsíodh ar
dtús é i 1927.

A priest in the Armagh diocese, once a professor of French and Irish, translated this novel which scandalised conservative Catholics when it was first published in 1927.

Na Comharsana Nua
Éamonn Ó Loingsigh
Cló Iar-Chonnachta €8.00
Na Comharsana Nua Tá Liam agus Siobhán Ó Maoilmhín ina gcónaí i dteach nua in eastát deas i nGaillimh. Tá saol sona acu go dtí go mbogann Learaí agus Deborah Ó Dúill isteach sa teach ar an taobh thall den bhóthair uathu. Úrscéal i nGaeilge shimplí don fhoghlaimeoir fásta atá anseo le gluais ag an deireadh.
Liam and Siobhán Ó Maoilmhín live in a new house in a nice estate in Galway. They are very happy there until Learaí and Deborah Ó Dúill move into the house across the road. This novel for adult learners of Irish has a glossary at the end.

Pedro Páramo
Juan Rulfo
Coiscéim €10.00
Pedro Páramo ‘Ceann de na húrscéalta is fearr a d’eascair as litríochtaí na Spáinnise is as an litríocht
uilig’ - Jorge Luis Borges. Tomás Mac Síomóin a d’aistrigh saothar seo an Mheicsiceánaigh Rulfo go Gaeilge.

Not only one of the masterpieces of twentiethcentury world literature, but one of the most influential of the centuries books’ - Susan Sontag. Translated by Tomás Mac Síomóin from the Spanish of this Mexican author.

An Fear agus an Luch
Michael Mullen
Coiscéim €7.50
An Fear agus an Luch Téann an fear óg as Maighe Eo ar bhád bán na himirce go Londain le scata eile ón mbaile. Ach cé a cheapfadh go snaidhmfeadh an deoraí seo cairdeas le luch?
The young Mayo-man emigrates with others to London. But who would imagine him befriending a mouse?


Ná Gabh Thar Tí Stíofáin
Máire Uí Fhlatharta
Coiscéim €7.50
Ná Gabh Thar Tí Stíofáin

Aimsir Hitler atá ann agus faigheann teifigh Iúdacha ón Ghearmáin tearmann in Iarthar
na hÉireann i ‘Tí Stíofáin.’ Insíonn cailín óg ón cheantar, Máire Caitríona an scéal.

Jewish refugees from Germany find sanctuary in the West of Ireland in ‘Tí Stíofáin.’ Máire Caitríona a young girl from the area tells their story.


Gearrscéalta Short Stories Gearrscéalta Short Stories


Na Réabhlóidí Datha agus scéalta eile
Gabhán Ó Fachtna
Coiscéim 7.50
Na Reabhloidi DathaSeo an dara cnuasach gearrscéalta ó Gabhán Ó Fachtna. Bhuaigh an leabhair an chéad duais i gcomórtas na gearrscéalaíochta an Oireachtais. Tá idir scéalta greannmhara agus scéalta gruama ann. Is léargas ar Chathair Bhéal Feirste tar éis na coimhlinte é.
This is Gabhán Ó Fachtna’s second collection of short stories. This book won first prize in the Oireachtas short story competition. It contains funny stories and sad stories. Belfast as it is after the troubles is described for us.

An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire
Biddy Jenkinson
Coiscéim €10.00
An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire Is mar fhoclóirí atá aithne ag formhór lucht labhartha na Gaeilge ar an Athair Pádraig Ó
Duinnín. Is mar bhleachtaire a chuirtear aithne air sa chnuasach gearrscéalta seo ina
mbaineann sé leas as a eolas ar chiall na bhfocal chun fadhbanna coiriúlachta a réiteach.

Father Patrick Dineen is known to most Irish speakers as the compiler of the Irish-English Dictionary. In this collection of short stories we make the acquaintance of Dineen the dectective who uses his skill in lexicography to solve crime.

Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta
Diarmuid de Faoite a roghnaigh
Cló Iar-Chonnachta €18.00
Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta Scéal agus fiche le SeanPhádraic, cuid acu as cló le fada, mar aon le réamhrá ó Dhiarmuid de Faoite.
Twentyone stories by SeanPhádraic,with an introduction by Diarmuid de Faoite.

 

Lón Léítheoireachta 2
Eag. Philip Cummings
Coiscéim €7.50
Lón Léítheoireachta 2 Seo an dara díolaim de scríbhneoireacht chruthaitheach ó leathanaigh Ealaíon Lá Nua.
This is the second selection of creative writing from the Arts pages of Lá Nua.



Éist Leis Seo: Greann na nGiúdach
Gabriel Rosenstock
Coiscéim €7.50
An Blas Muimhneach Baineann blas ar leith le greann na nGiúdach agus léirítear é sa chnuasach seo de bhreis agus seasca scéalta grinn agus roinnt seanfhocal.
The Jewish peoples particular
sense of humour is portrayed in this collection of over sixty stories and several proverbs.

An Teach Glas agus scéalta eile
Pádraig Mac Suibhne
Breacdh €6.00
An Teach Glas agus scéalta eile Ocht scéal simplí i nGaeilge Thír Chonaill do dhaoine fasta nach bhfuil mórán cleachtaidh ar Ghaeilge a léamh.
Eight simple stories in Donegal Irish for adults who have had little experience in reading Irish.


Filiocht Poetry

Turas go Bun na Spéire
Rita Kelly
Cló Iar-Chonnachta 12.00
Turas go Bun na SpeireÉagsúlacht dánta sa chnuasach seo ag Rita Kelly. Dánta a chuirfeadh an croí ag preabadh ionat agus deora le súil. Dánta cumasacha atá foilsithe anseo.
Rita Kelly has poems of many kinds, some to make your heart thump and bring tears to your eyes, powerful poems indeed.

An Dé Deiridh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta 10.00
An De DeiridhCoimhlint idir an seansaol agus an saol nua i gceist sna dánta ealaíonta seo. Tá an bearna idir na nglún go mór le feiscint ann. Leithcheal á dhéanamh ar aosaigh agus cluais bhodhar an aos óg. Sean bhean amháin ag cur sean leigheas ar fhadhb nua agus torthaí tubaistiúla dá bharr I ndán amháin acu. Dánta chun sinne a spreagadh chun smaoineamh chun labhairt agus chun gnímh.
The struggle between the old ways and the new, is described in these artful poems.They emphasize the generation gap. The old are neglected and the young do not listen. An old lady uses an old remedy for a new problem with catastropic results. Poems to goad us to think, to speak and to act.

Guantánamo
Cimí an champa a chum
Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge

Coiscéim 7.50
GuantanamoDánta ó na cimí maraon le beathaisnéis ghearr do gach duine acu. Tá iarfhocal ag an údar gur fiú a léamh.
Poems from the prisoners with a short biography for each of them. The author includes an epilogue which is well worth reading. This is a book which could shock us out of complacency.

Poll na mBabies
Dairena Ní Chinnéide a chum
Coiscéim7.50
Poll na mBabiesDánta a thabharfadh ábhar machnaimh duit agus leighis b’fhéidir. agus tú faoi ualach mórfhadhbanna an lae.
Poems to make you think and perhaps to come to terms with some of today’s problems.


Péacadh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Coiscéim €7.50
Péacadh Is í seo an chéad chnuasach filíochta ón bhfile óg seo. Breis agus daichead dánta atá ann, iad gearr snasta agus lán mothúchán. Ghnóthaigh cuid acu duaiseanna i gcomórtais éagsúla.
This is the first published collection of poetry by this young poet. The forty poems in it are short and polished and full of feeling. Some of them have won prizes in various competitions.

Máthair an Fhiaigh / The Raven’s Mother
Dairena Ní Chinneide
Cló Iar-Chonnachta €12.00
Máthair an Fhiaigh / The Raven’s Mother Dánta i nGaeilge agus i mBéarla roinnte de réir aicmí: Corca Dhuibhne, Jeaic, An Tigín
/ The House, Gan Ghrá / Love without, An Turas / The Trip, An Trodaí / The Warrior,
Ceiliúradh / Celebration, Ag Taisteal san Eoraip / Travelling in Europe. Aistriúcháin leis
an údar.

Poems in Irish and English. Translations by the author.

Anam Mhadra
Simon Ó Faoláin
Coiscéim €7.50
Anam Mhadra I measc na ndánta sa chnuasach seo tá an dán a ghnóthaigh an chéad áit i gcomórtas filíochta Bhéal Átha na mBuillí i mbliana. Le cois sin tá sraith chríochnúil dánta arbh é tréigean Hoirt, oileán iargúlta Gaelach amach ó chósta thiar na hAlban, sa bhliain 1930, a spreag iad.
Included in this collection is the poem which won first prize in the Strokestown poetry competition this year and a series of poems inspired by the desertion of the Gaelic-speaking island of St Kilda off the west coast of Scotland in 1930.

I gCistín Dé
Bernadette Nic an tSaoir
Coiscéim €7.50
I gCistín Dé Ceiliúradh ar Chorcaigh, cathair dhúchais an údair, agus ar spiorad dochloíte an duine
atá faoi leatrom atá sa chnuasach dánta seo. Déantar ceiliúradh ann chomh maith ar an
gcultúr agus orthu siúd a bhí chun tosaigh ina chaomhnú agus á chur chun cinn.

This collection of poetry is a celebration of Cork, the author’s native city, and of the unconquerable spirit of the oppressed. It also celebrates culture and those who were to the fore in preserving and promoting it.

An Guth 5
Eagarthóir / Deasaiche Rody Gorman
Coiscéim: An Gúth €7.50
An Guth 5 Dánta ó thrí scór filí i nGáidhlig agus i nGaeilge na hÉireann atá sa chnuasach seo. Le cois gach dáin tá gluais aistriúcháin nó leagan den dán sa teanga eile.
Poems by sixty poets, in both Irish and Scottish Gaelic, make up this collection, the fifth in the series. With each poem there is a glossary or translation in the other language.

Briathar agus Solas
Mícheál Ó Fionnáin
Coiscéim €7.50
Briathar agus Solas Cnuasach filíochta a léiríonn bá an fhile le Corca Dhuibhne agus cuireann grianghraif
Fiona Morgan leis an tuiscint agus leis an sult atá le baint as na dánta.

The poets love for Corca Dhuibhne is expressed in these poems and the photographs by Fiona Morgan contribute to one’s appreciation of his work.

Filíocht Ghrá na Gaeilge
Ciarán Mac Murchaidh a chuir in eagar
Cois Life €20.00
Filíocht Ghrá na Gaeilge Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luath-aois go
dtí an nua-aois maraon le cur síos ar an gcomhthéacs liteartha inar cumadh na dánta.

This anthology of love-poetry spans over a thousand years of poetry and song in the Irish language.

Súil Seilge
Domhnall Mac Síthigh
Coiscéim €15.00
Súil Seilge An chéad chnuasach filíochta leis an údar seo a rugadh agus a tógadh agus atá ina chónaí in iarthar Chorca Dhuibhne. In éineacht leis an leabhar tá dlúthdhiosca ar a bhfuil na dánta uile á n-aithris ag an údar, cuid acu le tionlacan ceoil.
The first collection of poems by the author, a native of Corca Dhuibhne. The book contains a compact disc on which the author reads all the poems, some with musical accompaniment.

Guthanna Beannaithe an Domhain
Gabriel Rosenstock a thiomsaigh
Coiscéim €7.50
Guthanna Beannaithe an Domhain Dánta filí, saoithe agus naomh ó cheithre airde na cruinne bailithe anseo chun mistéir
na beatha a iniúchadh agus a cheiliúradh.

The mysteries of life are examined and celebrated in this anthology of the works of poets, sages and saints from all over the world.

Ainteafan
Colette Nic Aodha
Coiscéim €7.50
Ainteafan As fulaingt phearsanta agus as taithí saoil an fhile féin a fáisceadh na dánta sa chnuasach seo.
The poems in this collections are based on the authors personal suffering and experiences.


An Cosán Bán: The White Path
Bríd Ní Mhóráin
Oidhreacht Chorca Dhuibhne €15.00
An Cosán Bán: The White Path Dánta ó dhara cnuasach an údair, Fé Bhrat Bhríde (An Sagart 2002), maisithe agus aistrithe go Béarla ag Barbara Hirst. Léiríonn siad spéis na beirte i nósanna traidisiúnta.
These poems from the author’s second collection Fé Bhrat Bhríde (An Sagart 2002), translated into English and illustrated by Barbara Hirst, express the interest of both in tradition.

An tEachtrannach / The Stranger / Das Fremde
Dairena Ní Chinnéide / Henriette Fischer / Dominique Lieb
Púca Press €36.00
An tEachtrannach / The Stranger / Das Fremde Obair ealaíne mar thionscadal idir triúr, file, áisitheoir leabhair agus ealaíontóir an leabhar lámhdhéanta seo nach bhfuil ach 300 cóip de ar fáil.
This hand-made book is the result of collaboration between three, poet, book agent and artist, a work of art of which only 300 copies are available.

Magus Ballyrath
Nuala Reilly
Coiscéim €7.50
Magus Ballyrath An chéad chnuasach dánta ón té a bhuaigh duais Bhéal Áth na mBuillí 2005.
The first collection of poetry from the winner of the Strokestown Prize 2005.


 


Mil na Ceardlainne
Pádraig Ó Fiannachta a chuir in eagar
An Sagart €15.00
Mil na Ceardlainne Díolaim dánta le Bríd Ní Mhóráin, Dómhnall Mac Síthigh, Pádraig Ó Fiannachta, Simon Ó Faoláin, Ger O’Mahony, Maria Ní Mhurchú, Louis Mulcahy, Peadar Ó hUallaigh, Ceaití Ní Bheildúin. Toradh ceardlainne le réamhrá le Brenda Ní Shúilleabháin.
Poems resulting from a creative writing workshop.


Mallacht Falmaire
Tadhg Ó Dúshláine
Coiscéim €7.50
Mallacht Falmaire Seo an ceathrú cnuasach filíochta le Tadhg Ó Dúshláine, léachtóir, craoltóir, scríbhneoir cruthaíoch agus fear taighde. Corcaíoch é Tadhg a bhfuil cónaí air i gContae na Mí agus a mhaireann i gCorca Dhuibhne i gCiarraí.
This is the fourth collection of poetry by Tadhg Ó Dúshláine, lecturer, broadcaster, creative writer and researcher.

An Leabhar Mòr - The Great Book of Gaelic
Malcolm Maclean agus Theo Dorgan a chuir in eagar
The O'Brien Press €45.00
An Leabhar Mòr - The Great Book of Gaelic Leabhar toirtiúil ina bhfuil saothar le breis agus 200 d’fhilí agus d’ealaíontóirí agus de pheannairí Éireannacha agus Albanacha.
This book brings together the work of more than 200 poets, visual artists and calligraphers from Scotland and Ireland.

Cnap-Uaisle
Liam Prút
Coiscéim €7.50
Cnap-Uaisle Saothar filíochta é seo ina ndéantar ceiliúradh ar dhaoine, idir bheo is mharbh, agus ar imeachtaí poiblí. Tagann an file le traidisiún na haoire go cruinn ach cor nua a bheith curtha aige ann.
A collection of poems in which the author celebrates people, both living and dead. His satire is traditional with a new twist.

Nuair ná Labhrann Éan
Siobhán Ní Shíthigh
Coiscéim €7.50
Nuair ná Labhrann Éan Sraith dánta a ndeirtear go bhfuil macalla Oidhe Chlainne Tuireann inti.
A series of poems of which it is said, echoes the Fate of the Children of Tuireann.

 


Dramaiocht Plays

Gearrdhrámaí an Chéid
Pádraig Ó Siadhail a chuir in eagar
Cló Iar-Chonnachta €15.00
Gearrdhrámaí an Chéid Rogha de na gearrdhrámaí Gaeilge ab fhearr agus ba dhúshlánaí de chuid an chéid seo caite. Tá dha cheann déag ann ó Casadh an tSúgáin le Dubhghlas de hÍde go Mise Subhó agus Maccó le Biddy Jenkinson agus prólóg leis an eagarthóir.
A selection of the best and most challenging short plays in Irish of the last century.

Faoi Dheireadh Thiar
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta €8.00
Faoi Dheireadh Thiar Tá an greann agus an ghruaim, an chumhacht agus an paisean ina orlaí tríd an dráma seo suite in áras na seandaoine mar a bhfuil a scéal féin ag gach duine ann.
Fun and dejection, power and passion are interspersed through this play set in an old people’s home where each character has their own story to tell.

biography<img src="images/biography.png" alt="biography" width="320" height="35" />biography<img src="images/biography.png" alt="biography" width="320" height="35" /> biography

Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche
Liam Mac Con Iomaire
Cló Iar-Chonnachtae €35
Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche Ba é Seosamh Ó hÉanaí, an t-amhránaí sean-nóis ba mhó le rá san fhichiú haois. Sa bheathaisnéis seo tá sliochtaí as agallaimh a rinne an t-údar le go leor de chairde agus de lucht aitheantais Uí Éanaí. Tá cur síos ann ar an tréimhse a chaith sé i Sasana sna caogaidí, ar rabharta mór na mbailéad i mBaile Átha Cliath sna seascaidí nuair a bhíodh Ó hÉanaí go seasta i dTigh Donoghue agus ar a sheal i Meiriceá. Leis an leabhar tá dlúthdhiosca iomlán nua d’amhráin nár eisíodh riamh cheana.
Seosamh Ó hÉanaí was the most famous sean-nós singer of the twentieth century. This biography includes extracts from interviews (in English and Irish) with many of his friends and acquaintances. It describes his time in England in the fifties, the ballad boom of the sixties when Heaney was a fixture in O’ Donoghue’s pub, and his emigration in 1966 to America where he brought his art to a whole new audience through his work in two universities. A CD of songs, never before released, accompanies the book.

Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil
Liam Mac Peaircín
Coiscéim €10.00
Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil Cuntas atá anseo ar an tiarna talaimh, Donnchadh Ó Ceallaigh Chaisleán Achadh Raithin i gContae na Gailimhe. Bhí cáil air as a bheith cruálach ach chaith sé saothar agus airgead ag bailiú, ag ceannach agus ag scríobh lámhscríbhínní Gaeilge.
An account of the life of Donnchadh Ó Ceallaigh of Aughrane Castle in County Galway. Although reputed to be a cruel landlord he was industrious in collecting, buying and transcribing Irish manuscripts.

Ó Bharr Thrámh go Baile Ghib
Tomás Ó Munghaile
Coiscéim €10.00
Ó Bharr Thrámh go Baile Ghib Labhraíonn Tomás Ó Munghaile lena mhac Tomás agus a gharpháistí faoina shaol. Rugadh i nGaeltacht Mhaigh Eo i 1918 é agus d’aistrigh sé féin agus a mhuintir go Baile Ghib i 1937.
Born in the Mayo Gaeltacht in 1918 Tomás Ó Munghaile moved with his family to Baile Ghib in Meath in 1937. He describes his life to his son Tomás and grandchildren.

An áit a n-ólann an t-uan an bainne
John Ghráinne Ó Duibheannaigh
Cló na Seaneaglaise €16.53
An áit a n-ólann an t-uan an bainne Chuir na céadta scoláirí ó Choláiste Bhríde Rann na Feirste i gContae Dhún na nGall aithne ar John Ghráinne agus seo é ag insint scéal a bheatha féin ar an CD a ghabhann leis an leabhar a bhfuil gluais ag a dheireadh agus neart pictiúirí de John Ghráinne agus a chairde.
John Ghráinne was well-known to the hundreds of students who attended Coláiste Bhríde in Rannafast in Co. Donegal. On the CD accompanying this book he tells his life story. There is a glossary at the end of the book and many picture of John Ghráinne and friends.

Mo Scéal Féín - Diego
Diego Fernandez López Jaramillo
Coiscéim €10.00
Mo Scéal Féín - Diego Seo scéal fir atá i bpríosún sa Cholóim de bharr a pháirte sa chogadh cathartha sa tír sin. Séamas Ó Muineacháin, duine de ‘thriúr na Colóime’ a thug an lámhscribhinn ón bpríosún. Pádraig Ó Maolchraoibhe a d’aistrigh ón mbunSpáinnis é.
This is the story of a man who is in prison in Colombia for his part in the civil war in that country. The manuscript was brought from the prison by Séamas Ó Muineacháin, one of ‘the Colombia three’. It has been translated from the original Spanish by Pádraig Ó Maolchraoibhe.

Stair History

Ceiliúradh an Bhlascaoid 12
Na Lochlannaigh
Coiscéim 10.00
Ceiliuradh an BhlascaoidSraith léachtaí a chuireadh ar siúl le linn Cheiliúradh an Bhlascaoid 2007.
A series of lectures which took place during the Blasket Celebrations in 2007.





Sruth agus Sáile
Seán Mac an tSíthigh , eagarthóir
Coiscéim7.50
Sruth agus SaileAibhnte, Locha agus Farraige in Uíbh Ráthach
Éigse na Brídeoige 2007 & 2008. Tá léarscáileanna pictiúrí agus tuilleadh ag cur le saibhreas eolais san leabhar suimiúil seo.

Rivers, lakes and Sea in Iveragh. A virtual treasure chest of knowledge about the area.

Síth agus Eisíth
Seán de Bhulbh
Comhar
Sith agus EisithLeabhar ghearr faoi thréimhse fhada i stair na hÉireann, i riocht scéal eachtraíochta.
A short book about a long period in Irish history, in story form.




Carachtair Áitiúla Tionchar Náisiúnta
Aistí bunaithe ar léachtanna Na Clocha Beo
Curtha in eagar ag Eoghan Mac Cormac agus Pádraig Ó Baoill

Glor agus Glór na nGael
Carachtair Aitiula Tionchar NaisiuntaLeachtanna cuimhneacháin suimiúla mar léaráidí sa leabhair seo agus eolas fairsing faoi na daoine atá á chomóradh iontu.
Interesting illustrations of monuments in this book, with information about the people they commemorate.


An Damer
Stair Amharclainn
Mairéad Ní Chinnéide

Gael Linn
An DamerTá leabhar tagartha den scoth curtha ar fáil dúinn ag Mairéad Ní Chinnéide a scríobh an leabhar cuimsitheach seo.
Máiréad Ní Chinnéide has provided an excellent reference book for all who are interested in the early days of Irish Language Theatre.

Na Fíníní
Michael Kenny
Coiscéim €7.50
Na Fíníní Spléachadh ar cheann de na tréimhsí is spéisiúla i stair na hÉireann. An téacs idir shoiléir agus ghonta, agus neart déantán agus míreanna cuimhneacháin ó Ard-Mhúsaem na hÉireann á mhaisiú.
A glimpse of one of the most interesting periods in the history of Ireland. Clear concise text embellished with illustrations of artefacts and memorabilia from the National Museum of Ireland.

Ariadne’s Thread: Writing Women into Irish History
Margaret Mac Curtain
Arlen House €25.00
Ariadne’s Thread: Writing Women into Irish History Bailiúchán aistí i mBéarla a scríobh an staraí Margaret Mc Curtain i réimse stair na mban maraon le cuntas ag an eagarthóir ar shaol an údair.
A collection of essays by the historian Margaret Mc Curtain in the field of women’s history with an account by the editor on the author’s life.

Forbairt na Sionainne
Mícheál Ó Bréartúin
Coiscéim €10.00
Forbairt na Sionainne Is comhalta cairte de chuid Chumann na nInnealtóirí an t-údar. Is é seo an ceathrú leabhar uaidh arb é an leictreachas is splanc beatha dó. Is é atá sa leabha cuntas ar na hiarrachtaí eagraithe a rinneadh chun smacht a chur ar an tSionainn agus feidhm a bhaint aisti.
The author is a chartered member of the Institution of Engineers. This is his fourth book inspired by the phenomenon of electricity. It recounts the organised attempts to harness and employ the River Shannon.

Éire agus an Eoraip sa 17ú hAois
Léachtaí Cholm Cille XXXVIII
An Sagart €12.00
Éire agus an Eoraip sa 17ú hAois Tá ocht n-aiste san eagrán seo atá ina shaothar cuimsitheach leathan a cheanglaíonn an stair pholaitiúil, an stair shóisialta, an stair liteartha agus an stair eaglasta. Léiríonn siad tionchar Aodha Mhic Aingil agus a chomhghleacaithe ar shaol na nGael agus ar shaol intleachtúil na mór-roinne.
This year’s edition contains eight essays which unite political, social, literary and ecclesiastical history. They illuminate the influence of Aodh Mac Aingil and his associates on the Irish and on intellectual life on the continent.

Inis Mhic Uibhleáin
Mícheal Ó Dubhshláine
Bréanainn €15.99
Inis Mhic Uibhleáin Den chéad uair riamh seo tuairisc ar Inis Mhic Uibhleáin i gCiarraí, scríofa ag an staraí áitiúil, Mícheál Ó Dubhshláine. Stair an oileáin atá anseo idir cheol, seanchas, seandálaíocht agus an dúlra.
This account of Inishvickillane in Kerry by local historian Micheál Ó Dubhshláine covers the history, music, traditions, archeology and natural history of the island.

Gabhla: An tOileán
Mairín Uí Fhearraigh
Coiscéim €10.00
Gabhla: An tOileán Tógadh an t-údar i nGabhla, Co Dhún na nGall, ach b’éigean don teaghlach an t-oileán a fhágáil i 1967 nuair a druideadh an scoil náisiúnta ann. Tugann an leabhar seo léargas ar an saol a bhí ann trí mheascán de chuimhní cinn agus agallaimh le hoileánaigh as glúnta éagsúla.
The author’s family had to leave the island of Gabhla in Co Donegal in 1967 when the national school was closed. This account of life on the island is based on recollections and interviews with some of the islanders.

Is é an Cárta an Comhartha
Deaglán Ó Máirtín
Coiscéim €7.50
Is é an Cárta an Comhartha
Is beag eachtra suntasach dar tharla idir 1920 agus 1923 nach raibh iomrá éigin air i gcárta poist amháin ar a laghad.
Most important events between 1910 and 1923 figured on at least one post card.



Creideamh ReligionPaidreacha na Gaeilge: Prayers in Irish
Donla uí Bhraonáin a chuir ina eagar
Cois Life €12.00
Paidreacha na Gaeilge: Prayers in Irish Tá ceol is filíocht an phobail le fáil sa díolaim shuntasach seo de phaidreacha dúchasacha Gaeilge ón Mheánaois go dtí an lá inniu.
The music and poetry of the Irish people is to be found in this wonderful anthology that spans two thousand years of devotion.


Ceisteanna na Linne
Helen Ó Murchú
Foilseacháin Ábhair Spioradálta €10.00
Ceisteanna na Linne Dírítear sa leabhar seo ar go leor de na ceisteanna conspóideacha atá ina n-údar imní don Eaglais Chaitliceach faoi láthair ina measc an t-oideachas sainchreidmheach, an teaghlach, gnéasúlacht, an pósadh agus an ginmhilleadh.
Many controversial issues which are a cause of anxiety to the Catholic Church today are discussed here. These include denominational education, the family, sexuality, marriage and abortion.

Macnaimh Shoiscéalacha
Cothraí Gógan
Foilseacháin Ábhair Spioradálta €13.00
Macnaimh ShoiscéalachaÁbhar seanmóra agus machnaimh a d’aistrigh an t-údar féin ó theangacha éagsúla agus iad cóirithe do phobal na hÉireann. Sagart de chuid Ord an Spioraid Naomh é atá ina mhisinéir san Afraic ó 1955.
Sermons and meditations translated and adapted for an Irish congregation by the author, a priest in the Order of the Holy Ghost and a missionary in Africa since 1955.

Leabhar Power is a promotional initiative organised by CLÉ - Irish Book Publishers’ Association with support from the Arts Council/An Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge and ÁIS.
Is feachtas bolscaireachta é Leabhar Power atá á eagrú ag CLÉ – Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann agus a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ó Foras na Gaeilge agus ó ÁIS.

children

Neilín agus an Cat
Fatima Sharfeddine/Vincent Hardy a mháisigh/Tadhg Mac Dhonnagáin/a d’aistrigh
Futa Fata €9.95
Neilin agus an CatTá feighlí ag teastáil chun aire a thabhairt do Neilín an babaí eilifint, ach an bhfuil cat oiriúnach? Léigh leat go bhfeice tú.
Should a cat be left in charge of a baby elephant? Read and find out.


Tá Eagla ar Bhéar
Karma Wilson / Jane Chapman a mhaisigh /Eithne Ní Ghallchobhair a d’aistrigh
Cló Mhaigh Eo €9.00
Ta Eagla ar BhearNí deas an rud é a bheith caillte, ach tá cairde ag an Béar Mór. Pictiúirí áille agus scéal deas.
It's no fun being lost, but Big Bear has friends. Beautiful pictures and a nice story.


Turas go Maigh Eo
Maolíosa Ní Chléirigh / Róisín Curé a mhaisigh
An Gúm €6.50
Turas go Maigh EoAn raibh tú riamh ag timpeallán na Bó Deirge? Agus an raibh tú ar mire agus tú ann? Cuirfidh an leabhar seo thú ag gáire ós ard.
Have you ever been to the red cow roundabout? Was it enough to drive you crazy? This book will make you laugh out loud. Look carefully at Róisín’s illustrations.


An tOllamh Folamh
Gabriel Rosenstock Maisitheoir: Róisín Curé Foras na Gaeilge
An tOllamh FolamhCois Life €10.00
Má bhíonn tú riamh faoi fhuinneog an ollaimh seachain tú féin!
It is definitely a hard hat area beneath the Professors window!



Teach an Oighir
Aoife Valley
Cois Life €10.00
Teach an OighirBhí Sara ina cónaí i dTeach an Oighir, thaithin an teach go mór léi ach bhí sí uaighneach. Tháinig cuairteoir chuichi agus d’athraigh a saol.
Sara lived in a house made of ice. She loved her house but she was lonely. A visitor came and her life changed. This is a beautiful book with delightful pictures and a lovely story.

Fear na bPéistíní
Gabriel Rosenstock: Annie West a mhaisigh
Cló Iar-Chonnachta €8.00
Fear na bPeistiniBailiúchán scéalta taitneamhacha, a d’fhéadfadh páistí óga agus aosta a spreagadh le bheith go maith.
A collection of stories to encourage children of every age to be good.




Eachtraí Róló
Aoife Ní Ghuairim : Léaráídí le Martin Fagan
Cló Mhaigh Eo €8.00
Eachtrai RoloCén fáth a bhfuil an gharda ag an doras , agus cad chuige a bhfuil madra istigh sa séipéal? Tá na freagraí go léir sa leabhar.
Why is there a Guard at the door, and what is a dog doing in the church? All the answers are in the book.



Samhradh na bhFoghlaithe Mara
Nóirín Uí Mhaolaoí: Pádraig Ó Ruanaí a rinne na Léaráidí
Cló Mhaigh Eo €8.00
Samhradh na bhFoghlaithe MaraScéal eachtraíochta a thaitneodh go mór le pháistí 9 go 12 bliain d’aois.
An adventure story to appeal to children of 9-12 year.





Brionglóidí agus Aistir Eile
Áine Ní Ghlinn: Carol Betera a rinne na Léaráidí
Cló Mhaigh Eo €8.50
Briongloidi agus Aistir EileDánta beaga iontacha do pháistí le fáil sa leabhar seo, léitheoireacht thaitneamhach d’éinne a bhíonn ag tabhairt aire do pháistí. Cén fáth go bhfuil stocaí aonaracha ann? An bhfuil fadhb agat le goiríní? Dánta dána agus dánta deasa do gach éinne.
Short poems full of fun and mischief guaranteed to bring a smile even to a breakfast plate.

Bran agus a Mhamó
Eric Hill
An Gúm €4.95
Bran agus a MhamBíonn an-spórt ag Bran ag cabhrú le Mamó agus ag léamh scéalta léi. Leabhar eile faoin mhadra beag Bran, an ceann seo déanta de chairtchlár oiriúnach do leanaí óga.
A hardwearing book in the series about the little dog, Bran, suitable for little hands.

Bran agus a Dhaideo
Eric Hill
An Gúm €4.95
Bran agus a DhaideoIs breá le Bran cluichí a imirt lena Dhaideo. Leabhar eile sa tsraith do naíonáin bheaga faoin madra beag, Bran.
Another in the series for very small children about the little dog, Bran.


Cén fáth a bhfuil cuma ait orainn?
Leagan Gaeilge Foras na Gaeilge
An Gúm €6.50
Cén fáth a bhfuil cuma ait orainn?Cén fáth a mbíonn muinéal fada ar an sioráf? Is breá le paistí óga ceisteanna a chur. Sa leabhar seo tá freagraí ar chuid de na ceisteanna a chuireann siad.
Why has a giraffe a long neck? Children love asking questions. Here are some of the answers.

Cén fáth a mbíonn rudaí aite ar bun ag ainmhithe deasa?
Leagan Gaeilge Foras na Gaeilge
An Gúm €6.50
Cén fáth a mbíonn rudaí aite ar bun ag ainmhithe deasa?A thuilleadh freagraí ar cheisteanna faoi ainmhithe.
More answers to questions about animals.




Plúra Lúra agus Na Bopóga
Mary Ryan
Coiscéim €10.00
Plúra Lúra agus Na BopógaIs puipéid iad Na Bopóga a chónaíonn sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Sa leabhar seo tá focail na n-amhrán a chanann siad agus iad le cluinstin fosta ar CD á gcanadh ag Mary Ryan.
Na Bopóga are puppets who live in the Cultúrlann in Belfast. The words of their songs are here in this book and Mary Ryan can be heard singing them on the accompanying CD.

Lá Breá Fuar
Nicola Moffatt
An Gúm €4.50
Lá Breá Fuar Is é seo an ceathrú leabhar i sraith i gcomhair páistí atá dírithe tosaithe ar an nGaeilge a léamh.
This is the fourth book in a series for
children just beginning to read Irish.




Bó & Micilín
Helen Ó Catháin & Olivia Golden
Cló Mhaigh Eo €8.50
Bó & Micilín Micilín bocht! Tá paistí uilig an oileáin imithe chuig an Fhéile Mhór ach d’imigh an bád gan eisean. Ach cé seo aníos as an bhfarraige? Scéal álainn simplí, oiriúnach do léitheoirí ocht mbliain d’aois nó os a chionn, le sárléaráidí le Olivia Golden.
The island children have all gone to the Festival, all except Micilín. The boat went without him. But what is this coming out of the sea? A simple story suitable for readers of eight and over, beautifully illustrated by Olivia Golden.

Hannah sa Chrannteach
Art Ó Súilleabháin
Cló Mhaigh Eo €8.00
Hannah sa ChrannteachCnuasach dánta do pháistí lán de ghreann agus d’imeartas focal.
A collection of witty humorous verses.





Máiréad agus an Foghlaí Mara
Steve Cannon
An Gúm €5.50
Máiréad agus an Foghlaí MaraTá maidí croise ag Máiréad chun cabhrú léi siúl. Bíonn na páistí ar scoil ag magadh fúithi. Déanann sí cara nua a spreagann í chun aghaidh a thabhairt ar an saol.
Máiréad has crutches to help her to walk. The children at school make fun of her. She makes a new friend who encourages her to face the world.

Thugas an Ghealach ag Siúl
Carolyn Curtis
An Gúm €6.50
Tóraíocht TaisceScéal le léamh os ard ina bhfuil draíocht, samhlaíocht agus filíocht fite fuaite ina chéile.
Magic, imagination and combine to make this a delightful story to read aloud.



Frog sa Spéir
Eric Drachman
Futa Fata €13.95
Frog sa Spéir Is frog speisialta é Frainc. Níl sé sásta a bheith ag snámh. Ag iarraidh eitilt atá sé. Scéal gleoite á insint ag triúr ar an CD a ghabhann leis an leabhar.
Frank is a special frog. He is not content to swim. He wants to fly. Three voices tell the story on the accompanying CD.

Na Cailleacha Gránna
Colmán Ó Raghallaigh
Cló Mhaigh Eo €8.99
Na Cailleacha Gránna Tá páistí beaga á sciobadh óna leapacha ag triúr cailleacha gránna. Ach cad a chuir Páidí i dtaephota na gcailleacha chun stop a chur leo?
Three ugly witches are stealing little children from their beds. What has Páidí put in their teapot to stop them?

Lá Breithe Chití
Valerie Thomas
Léaráidí le Korky Paul/ Illustrations Korky Paul
An Gúm €6.95
La Breithe Chiti Titeann lá breithe Chití ar an Aoine an triú lá déag den mhí. Cén mhí-ádh a bheidh ar a cóisir lá breithe?
Cití’s birthday falls on Friday the thirteenth of the month. What misfortune will befall her birthday party?


An Oíche Dhorcha
Christina Butler & Jane Chapman
Futa Fata €9.95
An Oiche Dhorcha Tá Féilim Frog díreach tar éis dúiseacht ó chodladh an Gheimhridh. Tá sé ag iarraidh
imeacht ag snámh sa lochán – ach níl sé in ann, mar tá fathach mór gránna ag fanacht leis ansin! Bainfidh páistí naíonra an-sult as an scéal bríomhar seo le pictiúir áille.

Féilim Frog has just awakened from his Winter sleep. He wants to go for a swim in the lake – but he can’t for a big ugly giant is waiting for him there! This lively story with beautiful illustrations will delight preschool children.

Eileanór an Eilifint Éagsúil
Eric Drachman
Futa Fata €13.95
Eileanor an Eilifint Eagsuil Tá Eileanór an eilifint ag iarraidh ceol a dhéanamh lena trunc ach níl aici ach glór beag lag. Tá an scéal le cloisteáil ar CD a ghabhann leis an leabhar agus cúigear á insint.
Eileanór the elephant wants to make music with her trunk but she has just a little weak voice. Five different voices tell the story on the accompanying CD.

An tUisce: Sú na Beatha
Beatrice Hollyer i gcomhar le Oxfam
An Gúm €7.50
An tUisce Cur síos ar ghnáthshaol laethúil seisear leanaí agus ar thábhacht an uisce ina dtíortha.
The daily life of six children and the importance of water in their countries.



An Phleist Mhór
Susan Edwards agus Ré Laighléis
Móinín €14.00
Na Phleist Mor Tagann gliondar ar Amy agus Claire nuair a stopann an bháisteach. Anois is féidir leo dul amach chun spraoi. Tá ailleacht agus tuiscint agus bá leis an bpáiste i bhfocail údair an leabhair seo a bhuaigh an gradam don leabhar is fearr do pháistí i mbliana, Gradam Réics Carló.
Amy and Claire are delighted when the rain stops. Now they can go out to play. The authors’ love for children comes through in this story which won the award for the best children’s book of the year in Irish, Gradam Réics Carló.

Vera agus a Veidhlín
Maire Breatnach
An Gúm €18.50
Vera agus a Veidhlín Scéal gleoite faoi iarrachtaí Vera an veidhlín a fhoghlaim le duine de na veidhleadóirí is cáiliúla sa tír agus maisithe ag duine de
mhórealaíontóirí na tíre.

A beautiful story following Vera’s attempts to learn the violin, written by one of Irelands foremost violinists and illustrated by one of the countries foremost artists.

Aintín Áine is a hArracht
Sally Odgers
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Aintin Aine is a hArracht Tá Aintín Áine ar shiúl ar eachtra nua. Tá sí sa tóir ar arracht atá iontach speisialta.
Aunt Áine has gone off on a new adventure. She is searching for a very special monster.



Is Gaisteoir í mo Mhúinteoir
Dr Mary Ann Duke
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Is Gaisteoir i mo Mhuinteoir Múinteoir an-aisteach atá ag Lasairíona. Is gaisteoir í a théann sí sa tóir ar ailigéadair.
Lasairíona has a very strange teacher. She is a trap-setter who hunts alligators.



Scéalta Slítheanta
Brenda Parks & Janet Stott-Thornton
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Scéalta Slítheanta Cúig sheanscéalta a léiríonn go dtig leis an té atá glic na fadhbanna is deacra a réiteach.
Five stories in simple Irish showing how smartness can solve the most difficult problems.




An Baile Gandath
Robin Klein
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
An Baile Gandath Is áit ghruama é an Baile Gandath, áit a bhfuil cosc ar bhláthanna agus ar an ghrian féin. Tá an Gruamach ag iarraidh é a choinneál mar sin agus murach Aoibhinn d’éireodh leis.
The town of Gandath is a gloomy place, a place where flowers and even the sun are forbidden, The Gruamach would succeed in keeping it like that if it weren’t for Aoibhinn.

Tóraíocht Taisce
Margaret Schroder
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Tóraíocht Taisce Bhí tóraíocht taisce ar siúl ar an chlár teilifíse is fearr le Nic agus iarradh ar Nic bheith páirteach ann.
There was to be a treasure hunt on Nick’s favourite television programme and Nick was asked to take part in it.



A Chara ón Todhchaí
Meredith Costain
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Seán Óg Máirtín Tá ar gach páiste sa rang rud a chur i dtaisceadán chun a thaispeáint do na daoine sa todhchaí an cineál saoil atá acu. Socraíonn Anna dialann a scríobh.
Each child in the class has to put something in the safe that will show the people of the future the kind of life they have. Anna decides to write a diary.

Daidí Áine
Linley Jones
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Daidí Áine Faigheann cairde Áine cártaí agus ríomhphoist óna dtuismitheoirí thar lear. Déanann Daidí Áine iad a sheachadadh.
Áine’s friends get cards and e-mails from their parents abroad. Áine’s Daddy delivers them.



An Fhoraois Báistí
Fred Fusselman
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
An Fhoraois Báistí Cad é foraois bháistí agus cad é a thig linn a dhéanamh lena sábháil?
What is a rain forest and what can we do to save it?




Amelia Earhart
David Lowe
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Amelia Earhart Cur síos le pictiúirí ar iarrachtaí Amelia Earhart eitilt timpeall an domhain.
An illustrated account of Amelia Earhart’s attempts to fly round the world.




Fuar!
Diana Short
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Fuar! Eolas faoin dá áit is fuaire ar domhan agus faoi na hainmhithe agus na daoine a mhaireann iontu agus faoi na cúiseanna a bhfuil na háiteanna seo i gcontúirt.
Information about the two coldest places in the world and about the animals and people who live there and the reasons why they are in danger.

Taismí Tairbheacha
Alan Trussell-Cullen
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Taismí TairbheachaIs de thaisme, taisme thairbheach, a fuair muid chuid mhaith de na rudaí sultmhara úsáideacha atá againn inniu ar nós an chéad oigheann
micreathonnach nó an mála tae.

Many useful and enjoyable things we have today were discovered by accident, a productive accident, such as the microwave oven or the tea-bag.

Ní Mar a Shíltear a Bhítear
Angie Lee, David Nuss agus Anna-Maria
An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire €4.00
Adolf sna hArda Cur síos ar na rudaí uilig atá de dhíth le dráma a chur i láthair agus na rudaí atá le déanamh.
All the things that are needed to stage a play and the things to do.


Scuab Fiacal Danny
Brianóg Brady Dawson
O'Brien Press €5.95
Adolf sna hArda Is fuath le Danny de Brún a chuid fiacla a ghlanadh. Cad a dhéanfaidh Danny, mar sin, nuair a thugann Mamó scuab fiacal nua, bhuí dó?
Danny hates getting his teeth cleaned. What'll he do when Granny gives him a brand new, yellow toothbrush??

youngadult

Balor
Caitríona Hastings: Andrew Whitson a rinne na Léaráidí
An tSnáthaid Mhór €8.50
Balor“Dream santach, cíocrach, gránna, a shantaigh talamh na hÉireann agus a thosaigh ag gearradh tromchánach ar na daoine”, Cérbh iad agus cá bhfuil siad anois? Scéal faoi na laethanta a bhí, scéalta iad a tháinig anuas chugainn as ár n-oidhreacht féin. Ní leor focail chun an leabhar seo a mholadh, obair osnádúrtha idir scéal is pictiúirí.
Was this book written and illustrated by human hands or did it come about by magic? What do you think?

Páirc an Leasa
Frainc Ó Murchadha
An Gúm
Pairc an LeasaTéann Cathal Caomhánach i ngleic le fadhb mór maidir le cúrsaí pleanála.
A young leaving certificate student takes on a major problem involving a planning matter.





Maggie Sailor agus Cailleach na Farraige
Proinsias Mac a’Bhaird
Coiscéim €7.50
Maggie SailorScéal eachtraíochta, nach féidir a ligint ó do lámha go dtí go bhfuil an leathanach deiridh léite agat.
An story of adventure which is impossible to leave down until you’ve read the last page.




Deirdre agus Mic Uisnigh
Colmán Ó Raghallaigh
Cló Mhaigh Eo €11.00
DeirdreagusMicUisnighLeagan nua-aimsearthach den sean scéal ar laochra na hÉireann. Léaráidí iontacha a chuireann beocht sa scéal.
This is a modern mode of telling an old story. Wonderful illustrations add to the atmosphere of the story which is in cartoon form.


Fáinne Fí Fífí
Meadhbh Ní Eadhra
Móinín €9
Fáinne Fí Fífí Nuair a fhágann Fiona Béal Feirste le dul chun na hEilbhéise tá neart eachtraí roimpi gan trácht ar an Eilbhéiseach dathúil, Johann. Agus cén mhistéir a bhaineann le Roberto, an hunk Laidineach ón Iodáil atá geallta lena cara, Sabine?
When Fiona leaves Belfast to go to Switzerland adventure awaits her, not to mention the handsome Swiss, Johann. And what is the mystery about Roberto, the Latin hunk from Italy who is engaged to her friend Sabine?

Louella de Laight
Mary Arrigan
An Gúm €8.00
Louella de Laight Tá dream nua ag bogadh isteach sa seanteach mór béal dorais le teach Mhíne. Tá rud éigin ait ag baint leis an scéal. Téann Míne agus a cara Ruairí i mbun fiosrúcháin.
New people are moving into the house next door to Míne. Something strange is going on. Míne and her friend Ruairí set about investigating.

Duilleoga Draíochta
Maria Ní Mhurchú
An Sagart €15.00
Duilleoga Draíochta Filíocht do dhéagóirí - dánta i nGaeilge agus i mBéarla.
Poetry for teenagers - poems in Irish and in English.


Aifric
Dara Jauch a chuir in eagar
An Gúm €8.00
Aifric Tugann an leabhar ildaite seo léargas ar an obair a théann isteach sa tsraith teilifíse do
dhéagóirí, Aifric, a dhéanann an comhlacht Telegael doTG4. Tá gach eolas ann faoi Aifric féin agus a muintir agus a cairde.

This brightly coloured book, gives an insight into the work involved in making the Telegael television series for teenagers, Aifric, for TG4. Everything you want to know about Aifric, her family and friends is here.

Na Gadaithe Dána agus Scéalta Eile
Brian Ó Baoill
Coiscéim €7.50
Na Gadaithe Dána agus Scéalta Eile Sé scéal do dhaoine óga san aoisghrúpa 10 – 12. Baineann cuid acu le saol an lae inniu, cuid eile le saol na fantasaíochta agus bunaithe ar scéal Fiannaíochta atá ceann amháin díobh.
Six stories for young folk in the age group 10 – 12 dealing with life today, the world of fantasy and one story from the Fenian Cycle.

Ceist Agam Ort
Fionnuala Clarke a chuir in eagar
Cois Life €8.00
Ceist Agam Ort Leabhar Thráth na gCeist (1,000 ceist) don aoisghrúpa 12 – 14 agus ceisteanna bunaithe ar Éirinn lárnach ann.
The thousand questions in this quiz-book for the age group 12 – 14 are mostly based on knowledge of Ireland.



Gleann na Mistéire
Seán Ua Cearnaigh
Coiscéim €7.50
Gleann na Mistéire Scéal eachtraíochta é seo — scéal faoin gcoiriúlacht agus a toradh. Cuirfidh déagóirí ansuim ann.
An adventure story for teenagers dealing with crime and its consequences.




Dialann Sár–Rúnda
Siobhán Parkinson
Cois Life €10.00
Dialann Sár–Rúnda Thosaigh Amy Ní Chonchubhair ag scríobh dialainne ar an chéad lá Eanáir – ag breacadh síos a smaointe pearsanta fúithi féin, a tuismitheoirí, a cairde, na múinteoirí ar scoil agus faoin bhean mhistéireach sin, Marietta. Is léir an-tuiscint ag an údar ar aigne an déagóra.
On the first of January Amy started to write a diary – jotting down her personal thoughts about herself, her parents, her friends, the teachers at school and that mysterious woman Marietta. The author shows a real understanding of the teenage mind.

An Eoraip
Larsen agus An Gúm Míreanna Mearaí
€6.50
An Eoraip Dúshlán do pháistí agus dá dtuismitheoirí na míreanna mearaí seo a chur le chéile chun tíortha, agus bratacha na hEorpa a chur san áit cheart. Slí thaitneamhach chun ainmneacha na dtíortha agus na bpríomhchathracha a fhoghlaim i nGaeilge.
This jigsaw puzzle with the countries and flags of Europe presents a challenge to children and their parents. An enjoyable way to learn the names of the countries and the capital cities in Irish.

Éire
Larsen agus An Gúm Míreanna Mearaí
€6.50
Éire Cuir na míreanna mearaí seo le chéile agus beidh léarscáil na hÉireann agat, leis na contaethe maraon lena gcuid armas, na príomhbhailte, na haibhneacha agus na lochanna.
A jigsaw of the map of Ireland with the counties and their coat of arms, the principal towns, the rivers and lakes.

Eile Miscellaneous

Dar Liom
Philip Cummings
Coiscéim 10.00
Dar LiomAltanna beaga a d’fhéadfadh an t-am a mheilt duit go taitneamhach.
Short articles to amuse you and to help you pass your time.





Kiss My … póg mo thóin Dictionary of ENGLISH – IRISH SLANG
Garry Bannister
New Island 20.00
Kiss MyNí chloisfeá a leithéid i mBarra an Teampall go déanach san oíche ná go luath ar maidin!
It’s up to you to decide whether this dictionary brings the Irish language to new heights or to new depths. Garry Bannister proves that even slang is more effective as Gaeilge.



Foclóir Seoltóireachta
Dictionary of Sailing
Cló Iar-Chonnachta 25.00
Focloir SeoltoireachtaCnuasach téarmaí seoltóireachta, tá 3,500 díobh ar fáil san fhoclóir nua seo.
There are 3,500 sailing terms collected together in this new dictionary. A useful resource for sailing enthusiasts.



Seal sa Pholainn
Alan Desmond
Comhar €12.50
Seal sa Pholainn Sa bhliain 2003, thug an t-údar aghaidh ar an bPolainn chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Chaitliceach Lublin. Tugann sé cuntas beoga soléite ar na háiteanna éagsúla ar thug sé cuairt orthu chomh maith le léargas tuisceanach ar mhuintir na Polainne féin.
In 2003 the author took up a post teaching Irish in the Catholic University of Lublin in Poland. He describes vividly the places he visited and gives his own impressions of the Polish people.

TG4@10 Deich mBliana de TG4
Eithne O’Connell, John Walsh agus Gearóid Denvir a chuir in eagar
Cló Iar-Chonnachta €20.00
TG4@10 Deich mBliana de TG4 Bailiúchán aistí criticiúla le húdair éagsúla chun deich mbliana de TG4 a chomóradh maraon le athchomhaire i mBéarla agus nótaí beatháisnéise ar na húdair atá sa leabhar seo.
This collection of critical essays in Irish to celebrate the first ten years of TG4 also contains summaries of the essays and short biographies in English.

Ar an gCoigríoch
Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin a roghnaigh
Cló Iar-Chonnachta €25.00
Ar an gCoigríoch Díolaim ilghnéitheach a léiríonn mórshaibhreas litríocht na Gaeilge mar shainfhoinse eolais ar scéal na himirce ó aimsir an Ghorta i leith.
A heterogeneous compendium which illustrates the potential of Irish literature as a rich source of information on emigration from the Great Famine to the present day.


Ciaran Ó Fátharta Amhráin
Síle Denvir a chuir in eagar
Cló Iar-Chonnachta €12.00
Ciaran Ó Fátharta Amhráin Breis agus tríocha amhrán le Ciarán Ó Fátharta as an Máimín, Leitir Móir, ceann de na guthanna is sainiúla i gcúrsaí amhránaíochta i gConamara. Tá cuntas ar shaol agus ar shaothar Uí Fhatharta scríofa ag an eagarthóir.
Over thirty songs composed by Ciarán Ó Fátharta from Leitir Móir, one of the most distinctive voices in the world of song, in Conamara. There is also an account by the editor on the life and work of Ó Fátharta.

Cóngar Chnoc Droinge
Éigse na Brídeoige 2006: Seán Mac an tSíthigh a chuir in eagar
Coiscéim €7.50
Cóngar Chnoc Droinge Éachtaint shainiúil atá sa leabhar seo ar cheantar álainn Uíbh Ráthach, ar a stair agus ar shaibhreas rúnda a logainmneacha.
This gives a glimpse of beautiful Uíbh Ráthach, of its history and of its secret onomastic riches.



Favourite Irish Proverbs
Jo O’Donaghue: grianghraif Lily Lenihan
Currach Press €9.99
Favourite Irish Proverbs Os cionn dhá scór seanfhocal Gaeilge le haistriúchán Béarla.
Over forty Irish proverbs with English translations.





Bliainiris 8
Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil a chuir in eagar
Carbad €15.00
Bliainiris 8 Éagsúlacht aistí le húdair éagsúla, ina measc Breandán Ó Doibhlin, Lesa Ní Mhunghaile,
Pádraig Ó Cíobháin, Cathal Ó hÁinle. Pictiúir le Seoirse Ó Dochartaigh, amhránaí agus ceoltóir.

Articles by various authors. Paintings by Seoirse Ó Dochartaigh, singer and musician.




Blaiseadh Pinn
Cois Life €7.50
Blaiseadh Pinn Seo an chéad chnuasach, idir phrós agus fhilíocht, le cuid de bhaill ‘Chumann Scríbhneoirí Óga agus Úra na Gaeilge’.
This is the first collection, prose and poetry,
from some of the members of ‘Cumann Scríbneoirí Óga agus Úra na Gaeilge.’




Aguisíní
Seán Ó Tuama
Coiscéim agus Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh €15.00
Aguisíní Meascán ábhair le Seán Ó Tuama é seo, cuid nár cuireadh i gcló riamh agus cuid nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. Brollach le Louis de Paor.
Varied material from Seán Ó Tuama, some which has not appeared in print before and some which has not previously appeared in book-form. Foreword by Louis de Paor.


Dingle-y-whoosh - nó Cad a dhéanfa muid feasta gan Gaeltach?
Gearóid Ó Cléirigh
Coiscéim €7.50
Dingle-y-whoosh - nó Cad a dhéanfa muid feasta gan Gaeltach? Agus an Ghaeltacht faoi bhagairt, an féidir leis an teanga maireachtáil dá huireasa?
With the Gaeltacht under threat, can the language survive without it?





Féilire 2009
Coiscéim €5.00
Féilire 2009 Dán le haghaidh gach dá mhí san fhéilire seo agus pictiúir álainn le Ruth Cussen ag dul leo. Féilte agus laethanta saoire poiblí marcáilte go soiléir air. Seoid ealaíne an t-iomlán.
A calendar with a poem for every two months, beautifully illustrated by Ruth Cussen.
Feastdays and public holidays are clearly marked. The whole a work of art.

folklore

Béaloideas Imleabhar 76
Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann / The Journal of the Folklore of Ireland society
Iml.76 2008
Patricia Lysaght : eagarthóir

Bealoideas Imleabhar 76An Cumann Le Béaloideas Éireann
Tá ailt, tuairiscí ar obair pháirce, léirmheasanna agus mórchuid pictiúr ar fáil san eagrán seo.
This volume of Béaloideas contains articles, field work reports, reviews and many pictures.

Formation of a Folklorist
Séamas Ó Catháin
Comhairle Bhéaloideas Éireann €50.00
Formation of a Folklorist Le cabhair dialann phearsanta, comhfhreagras agus páipéirí eile déanann an t-údar cur síos ar an fhorbairt a tháinig ar Shéamus Ó Duilearga, ó bheith ina scoláire óg le buneolas ar an bhéaloideas chun cáil idirnaisiúnta a bhaint amach mar shaineolaí údarásach ar an ábhar agus ar na modhanna is fearr chun staidéar a dhéanamh air.
With the aid of a personal diary, letters and other papers the author traces the process that saw the development of James Hamilton Delargy, a young Irish academic with a basic knowledge of folklore into a formidable authority on the methods best suited to its study.

Béaloideas Imleabhar 75
Patricia Lysaght a chuir in eagar
An Cumann Le Béaloideas Éireann €30.00
Béaloideas Imleabhar 75 Tá an t-imleabhar seo de Béaloideas á fhoilsiú mar chomóradh ar chéad fhoilsiú na hirise ochtó bliain ó shin. Tá macasamhla de chlúdaigh an chéad dá uimhir i gcló san eagrán seo maraon le hailt, tuairiscí ar obair pháirce, léirmheasanna agus mórchuid pictiúr.
This volume of Béaloideas celebrates the eightieth anniversary of the first publication of the journal. The covers of the first two volumes are reproduced here with articles, reviews, and many illustrations.

Ón tSeanam Anall
Micí Bán Uí Bheirn
Cló Iar-Chonnachta €15.00
Ón tSeanam Anall Cnuasach scéalta atá anseo a bhreac Bríd Ní Bheirn síos ó bhéal Mhicí Bháin, ceoltóir, file agus seanchaí i bparóiste Chill Charthaigh sa bhliain 1930. Maistreas scoile a bhí inti a d’aithin go raibh an Ghaeilge agus an seanchas ag meath de réir a chéile.
The stories in this collection were transcribed by Bríd Ní Bheirn from Micí Bán, a musician, poet and storyteller in the parish of Cill Charthaigh. Bríd, a national schoolteacher from the same parish, realised that both Irish and the oral tradition were in decline.

The Festival of Lughnasa
Máire Mac Néill
Comhairle Bhéaloideas Éireann €45.00
WINGLÉACHT Athchló ar leabhar a d’fhoilsigh Oxford University Press i 1962. Staidéar cuimsitheach
atá ann ar an chomóradh a dhéantaí ar fhéile Lughnasa, in áiteanna éagsúla in Éirinn.

A reprint of a book first published by Oxford University Press in 1962. It is a comprehensive study of the celebration of the Celtic festival of Lughnasa in many parts of Ireland.

Leann an GaeilgeIrish Studies

The Dundalk Democrat
Agus Oidhreacht na Gaeilge in Oirdheisceart Uladh Ag Casadh an 20ú hAois
Gearóid Trimble

Coiscéim 5.00
Dundalk DemocratSeo catalóg d’ábhar Gaeilge a foisíodh sa nuachtán ó 1895 go 1915. Díríonn Gearóid Trimble ar saibhreas teanga i nDún Dealgan agus sa cheantair maguaird.
A catalogue of material in the Irish Language published in the Dundalk Democrat from 1895 to 1915. Gearóid Trimble spotlights the remarkable Irish Language heritage in Dundalk and district.

Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga:
Múineadh agus Foghlaim na Gaeilge ar an tríú Leibhéal
Ríona Ní Fhrighil agus Máirín Nic Eoin, eagarthóirí.

Cios Life 15.00
O Theagasc Teanga go Sealbhu TeangaEolas úsáideach faoi staid na Gaeilge sna coláistí tríú leibhéal agus moltaí maidir le múineadh na Gaeilge sa todhchaí ó saineolaithe, ar fáil anseo mar chabhair do gach éinne a bhfuil suim acu sa scéal.
Useful information about the state of the Irish Language in third level colleges, and advice from experts in regard to teaching Irish in the future. An aid to everyone who is interested in the wellbeing of the language.

Irisleabhar Mhá Nuad 2008
Pádraig Ó Fiannachta a chuir in eagar
An Sagart 12.00
Irisleabhar Mha Nuad 2008Deir an t-eagarthóir, Pádraig Ó Fiannachta go bhfuil cos ag an Irisleabhar i dtrí cinn de chéadta blain agus go bhfuil sé ag dul in úire. Mar is gnáth tá rogha fairsing léitheoireachta léannta cnuasaithe san iris cáiliúil seo.
There is an ample selection of learned reading matter collected together in this famous magazine.

Dord an Dúchais
Jean-Yves Béirou
Coiscéim 15.00
Dord an DuchasSamplaí den scoth d’amhránaíocht na Gaeilge ar an sean-nós agus dlúthdhiosca ag gabháil leis.
Excellent examples of sean-nós singing and this book comes with a CD.




Tús Maith
Cúrsa féinteagaisc Gaeilge d’aosaigh – Cuid a Trí
A self – instructional course in Irish for adults – Part Three
Risteard Mac Gabhann

Ogmios €20.00
Tus MaithPacáiste foghlama le leabhar agus 4 dlúthdhiosca. Tá an leabhar leagtha amach go tuisceanach. Cabhraíonn na dathanna go mór. Tá foclóir cuimsitheach ar chúl an leabhair mar chabhair duit freisin.
A learning package consisting of a book and 4 CDs. The book is beautifully laid out. It has lots of useful exercises to build up confidence.

Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge
Liam Mac Amhlaigh
Cois Life €15.00
Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge Spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge atá anseo ó Shasasan Uí Chléirigh
(1643) go dtí Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1978). Tugtar achoimre ar shaol na scoláirí Éireannacha agus eachtrannacha a shaothraigh an réimse léinn seo chomh maith le léargas ar na foclóirí féin, ar an gcur chuige, agus ar an ábhar atá iontu.

A glimpse at works of lexicography in the Irish language from Ó Cléirigh’s Glossary (1643) to Ó Dónaill’s Irish-English dictionary. It includes a summary of the lives of the Irish and foreign scholars who worked in this field as well as a description of the dictionaries, the methodology used in compiling them, and their contents.

Teagmháil agus Tnúthán
Marie Whelton
An Sagart €20.00
Mo Scéal Féín - Diego Cuireann an t-údar roimpi tábhacht agus brí na hapastróife sa traidisiún fileata a mheas.
Chuige sin déanann sí grinnléitheoireacht aeistéitiúil ar an gcomhoibriú a dhéanann
foirm na hapastróife leis an ábhar san iliomad dánta cáiliúla, ón dara haois déag ar aghaidh. Áitíonn sí gur straitéis fhileata í an apastróf a chuidíonn leis na filí a gcaidreamh polaitiúil, a gcaidreamh pearsanta agus a gcaidreamh sacrad a chíoradh.

The author’s intention is to evaluate the importance and meaning of the apostrophe inthe poetic tradition. To this end she examines the aestethic cooperation between the apostrophic form and and the subject in many famous poems, from the twelfth century on. She argues that the apostrophe is a poetic strategy which helps the poets in their political, in their private, and in their sacred relationships.

Iriseoirí Pinn na Gaeilge
Regina Uí Chollatáin
Cois Life €20.00
Iriseoirí Pinn na Gaeilge Sliochtaí a roghnaigh an t-údar ó shaothar colúnaithe Gaeilge i nuachtáin agus in irisí ó
thús na haoise seo caite go dtí 2004 atá sa leabhar toirtiúil seo, maraon le réamhrá leis
an údar ina scrúdaítear an gaol idir an cholúnaíocht agus an litríocht.

This selection of extracts from the works of Irish columnists in newspapers and periodicals covers a period from the beginning of the last century to 2004. There is also a preface by the author in which she examines the relationship between column-writing and literature.

A New View of the Irish Language
Caoilfhionn Nic Pháidín & Seán Ó Cearnaigh a chuir in eagar
Cois Life €20.00
A New View of the Irish Language Fiche aiste Béarla atá sa leabhar seo, gach ceann acu ag scrúdú gné éigin de ról na Gaeilge sa lá inniu.
Each one of the twenty essays in English in this book studies a particular aspect of the role of Irish today.



Ar thóir an dea-chleachtais
Sean Mac Corraidh
Cló Ollscoil na Banríona €16.00
Ar thóir an dea-chleachtais Tá an leabhar seo bunaithe ar chleachtas múinteoirí san oideachas trí mheán na
Gaeilge ag an bhunleibhéal i nGaelscoileanna i mBéal Feirste agus ar a dtuairimí ar an chleachtas is fearr chun curaclam bunscoile a chur i láthair agus Gaeilge na ndaltaí a fhorbairt.

This book is based on the classroom practices of teachers in Irish-medium primary schools in Belfast and their views on best practice in teaching curricular content through the medium of Irish.

An Tumoideachas in Éirinn
Dónal Ó hAiniféin
Coiscéim i bPáirt le Conradh na Gaeilge €5.00
An Tumoideachas in Éirinn Léacht a thug an t-údar in Acadamh Ríoga na hÉireann i mí Aibreáin 2008 ar cheist an tumoideachais, é le fáil sa leabhrán seo i nGaeilge agus i mBéarla.
A lecture given the author in the Royal Irish Academy, April 2008 on the issue of immersion education in Ireland, presented here in both Irish and English.

Cuisle Ceoil na nOileán: Ceiliúradh an Bhlascaoid 11
Daithí de Mórdha a chuir i dtoll a chéile
Coiscéim €7.50
Cuisle Ceoil na nOileán: Ceiliúradh an Bhlascaoid 11 Bailiúchán de na léachtaí agus na cainteanna a tugadh faoi cheol agus faoi cheoltóirí an
Bhlascaoid, Deireadh Fómhair 2006, in Ionad an Bhlascaoid Mhóir.

Lectures and talks about the music and musicians of the Blasket islands given in the Blasket Island Heritage Centre in October 2006.

Teasáras Gearr na Gaeilge (Gaelic-English Mini-Thesaurus)
Garry Bannister
Forsaí Publications €20.00
Teasáras Gearr na Gaeilge (Gaelic-English Mini-Thesaurus) Tá an foclóir seo dírithe ar scoileanna i gcoitinne agus ar mhic léinn in institiúidí tríú
leibhéil. Dhá réamhrá ar leith atá ann, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla. Timpeall 700 de chinnfhocail, 348 leathanach.

A mini thesaurus aimed at English-speakers who wish to improve their range of spoken and written Irish, particularily those studying Irish in second- and third-level institutions. Around 700 head-words, 348 pages.

Béarla sa Ghaeilge
Liam Mac Mathúna
An Clóchomhar €25.00
Béarla sa Ghaeilge Bhí an códmheascadh Gaeilge - Béarla ar cheann de na bealaí a roghnaigh aos léinn na
Gaeilge chun dul i ngleic le timpeallacht nua shoctheangeolaíochna hÉireann sa 17ú
haois. Déantar scrúdú sa saothar nuálach seo ar an ról a tugadh don Bhéarla mar mheán tánaisteach i réimsí áirithe ceapadóireachta Gaeilge sa tréimhse idir 1600 agus 1900.

Irish - English code-mixing was one of the ways chosen by Irish scholars to engage with the new socio-linguistic environment in Ireland in the 17th century. This innovative work examines the role given to English as a secondary medium in the period 1600 to 1900.


Manuail de Litríocht na Gaeilge, Faisicil IV, 1641-1704: Díshealbhú
Breandán Ó Doiblin
Coiscéim €10.00
Manuail de Litríocht na Gaeilge, Faisicil IV, 1641-1704: Díshealbhú Má chloistear an chéad nóta amhrais i dtaobh chinniúint na teanga i bhfoirceann
iarthar dheisceart Uladh i bhfíordheireadh an 17ú haois , ní nóta éadóchais atá le brath
ar fhilíocht Chogadh an Dá Rí ach an fhíorchinnteacht go mbeadh lá eile ann agus
nach raibh finis le scríobh fós le scéal Chlanna Gael.

Although the first strain of doubt concerning the fate of the language may be perceived at the end of the 17th century, it is not despair which is to be noted in the poetry of the Jacobite War but the certainty that there would come another day, and that the history of the Gael was not yet at an end.

Scáthanna
Cathal Ó Háinle
Coiscéim €15.00
Scáthanna Sa leabhar seo leis an Ollamh Cathal Ó Háinle tá díolaim aistí ar ghnéithe de léann agus de litríocht na Gaeilge a raibh suim ar leith aige iontu, ina measc filíocht an Phiarsaigh agus saothar próis mhuintir Ghrianna.
A collection of essays by Professor Emeritus Cathal Ó Háinle, Dublin University, on aspects of Irish literature in which he had a special interest, including the poetry of Pearse and the prose of Máire and Seosamh Ó Grianna.

Leabhar Power is a promotional initiative organised by CLÉ - Irish Book Publishers’ Association with support from the Arts Council/An Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge and ÁIS.
Is feachtas bolscaireachta é Leabhar Power atá á eagrú ag CLÉ – Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann agus a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ó Fhoras na Gaeilge agus ó ÁIS.